TEAGASC (#13827)

A Dhia, a Dhia, dearcann tú ormsa lag, uiríseal ag dul don chúram is mó, rún daingean agam do bhriathar a chur os ard i measc an uile phobail agus do theagasc a scaipeadh i measc do chuid ciníocha. Conas a éireoidh liom mura gcabhraíonn tú liom trí anáil an spioraid naoimh, mura bhfaighim cuidiú chun an bua a bhaint amach le sluaite do ríochta glórmhaire, agus mura ndoirteann orm go fras do chumhachtaí daingnithe arb acu amháin a bhfuil de chumhacht iolar a dhéanamh den mhíoltóg, aibhneacha agus farraigí a dhéanamh de dheoir an uisce agus solais agus grianta a dhéanamh d’adamh. A Thiarna! cuidigh liom trí do neart éifeachtach, caithréimeach sa dóigh go gcanfaidh mo theanga do chuid moltaí agus do bhuanna i measc na gciníocha go léir agus go mbeidh m’anam lán go cur thairis le fíon do ghrá agus d’eolais. 
Is tusa an tUile-Chumhachtach agus an Té a chuireann i gcrích cibé ní is toil leis.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

TEAGASC (#13828)

A Dhia, a Dhia! seo éan a bhfuil a sciathán briste agus gan aige ach eitilt mhalltriallach:  cabhraigh leis sa dóigh go mbeidh de chumas aige eitilt i dtreo bhuacphointe an rathúnais agus an tslánaithe, imeacht ar lánluas fá lúcháir agus aoibhneas mór tríd an bhfiormaimint gan teorainn, a shéis a chur os ard i d’ainm ceannasach san uile réigiún, áthas a chur ar chluasa na ndaoine leis an ngairm seo agus aoibhneas a chur ar shúile na ndaoine  trí bheith ag féachaint ar na comharthaí úd a thugann treoir dóibh. 
A Thiarna! níl agam ach mise amháin, agus mé uaigneach,  i m’aonar. Níl de  thaca  agam ach tú, níl de chúntóir  ná de chothaitheoir agam ach tú. Déan mé a dhaingniú i do sheirbhís. Tabhair cabhair dom le díormaí do chuid aingeal, bronn orm an bua, agus do bhriathar á chur chun cinn agam, agus ceadaigh dom do chríonnacht a aithris i measc do chuid créatúr. Go deimhin is tú atá i do chúntóir acu siúd atá lag agus is tú cosantóir na leanaí óga, agus go deimhin is tusa an Cumhachtach, an Neartmhar agus an DoChoiscthe.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

