PÓSADH (#13812)

Moladh leatsa, a Dhia! Go deimhin, tá an seirbhíseach seo agus an bansearbhónta seo i ndiaidh teacht le chéile faoi scáth do thrócaire agus iad aontaithe de bharr d’fhabhair agus do fhlaithiúlachta. A Thiarna! cuidigh leo sa saol seo leat agus i do ríocht agus deonaigh go mbeidh i ndán dóibh gach uile mhaith de bharr d’fhéile agus do ghrásta. A Thiarna! déan buanseasmhach iad ina bhfriothalamh ort agus cuidigh leo ina seirbhís duit. Deonaigh go ndéanfar díobh comharthaí ar d’ainm sa saol seo agus go gcosnófar iad trí do bhronntaí atá gan teorainn sa saol seo agus sa saol atá le teacht. A Thiarna! tá siad ag déanamh achainí ar ríocht do thrócaire agus ag agairt Thiarnas d’Aontachta. Go deimhin tá siad á bpósadh de réir d’aithne. Deonaigh go ndéanfar díobh comharthaí ar chomhréir agus ar aontú le chéile go brách agus go deo. Go deimhin, is tusa an tUile-Neartmhar, an tUile-Láithreach, an tUile-	Chumhachtach.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

PÓSADH (#13813)

A Thiarna liom! tá an dá réalt lonracha seo pósta trí do ghrá, comhcheangailte ina seirbhís do do thairseach bheannaithe, aontaithe, agus iad ag friotháil ar do Chúis. Deonaigh go mbeidh an lánúin phósta seo ina snátha solais ó do ghrásta líonmhar, a Thiarna Uile-Thrócaireach, agus ó ghathanna niamhracha do chuid bronntaí, a Dhia Dheirciúil, Shíor-Thabharthach, chun go bhfásfaidh amach ón chrann mór seo géaga ar a mbeidh dreach glas, bláfar de bharr na dtiolaicí úd a bhíonn ag doirteadh anuas ó néalta do ghrásta. Go deimhin is tusa an Fial. Go deimhin is tusa an tUile-Chumhachtach. Go deimhin is tusa an Trua-Chroíoch, an tUile-Thrócaireach.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

