Naw-Rúz (#13832)

*Paidir do Naw-Rúz, céad lá na bliana Bahá’í, dar dáta cónocht earraigh na bliana. 
Go moltar tú, a Dhia, gur aithin tú Naw-Rúz mar fhéile orthu siúd a bhfuil an troscadh comhlíonta acu ar mhéad a ngrá ort, dream nach raibh baint acu le héinní ba ghráin leat féin. Deonaigh, a Thiarna, go mbeidh tine do ghrá, mar aon leis an teas a tháinig ann de bharr an trosctha atá ordaithe agat, ina ghríosú dóibh sin i do Chúis sa dóigh go mbeidh siad ag dul do do mholadh agus do do chuimhneamh.
Ó tá siad maisithe agat, a Thiarna, le hornáid an trosctha atá aitheanta agat, maisighse iad chomh maith leis an ornáid a léireoidh go bhfuil glactha agat leo trí do ghrás agus trí d’fhabhar flaithiúil. Ar an ábhar go mbíonn gníomhartha na ndaoine go léir faoi réir ag do dhea-rún agus ag brath ar fheidhmiú d’ordaithe. Dá mba rud é go ndearcfá ar an duine a raibh an troscadh sáraithe aige mar dhuine a rinne é a chomhlíonadh, mheasfaí a leithéid a bheith ar an dream úd atá á chur i gcrích ó thosach aimsire. Agus dá ndéanfá forógra i leith duine a raibh an troscadh comhlíonta aige goraibh sé seo tar éis é a shárú, d’áireofaí an té sin orthu siúd atá ciontach as smál an deannaigh a chur ar Fhallaing do Thaispeánta, agus mar dhuine atá fágtha i bhfad ó uisce gléghlan an Fhuaráin Bhithbheo.
Is tú an Té úd trínar cuireadh os ard an meirge dar teideal ‘Is inmholta tú i do ghníomhartha’ agus trínar scaoileadh an bhratach darb ainm ‘Tugtar umhlaíocht duit de réir d’aithne’. Déan an staid seo leat a nochtadh, a Dhia, do do shearbhóntaí le go gcuirfear in iúl dóibh go mbíonn feabhas gach uile ní ag brath ar d’aithne agus ar do bhriathar agus gur le do cheadsa agus le dearún do thola a bhaintear tairbhe as gníomh ar bith, agus le go n-aithneoidh siad go bhfuil srianta ghníomhartha na ndaoine ar do lámh chun glacadh leo agus iad a ordú. Tug é seo le fios dóibh nach bhfuil de chumas ag éinní in aon chor iad a dhúnadh amach ó d’Áilleacht sna laetha seo agus é seo á fhógairt ag Críost, ‘Is leatsa an ceannas go huile, a Ghinteoir an Spioraid (Íosa)’, agus le linn do do Chara (Muhammad) a bheith ag. glaoch os ard: ‘Go dtugtar glóir duit, a Ansacht na nAnsacht, mar go bhfuil d’Áilleacht nochta agat agus go bhfuil scríofa síos agat dóibh an méid a chuirfidh ar a gcumas teacht fhad le suíomh taispeánta d’Ainm RóMhóir trínar cuireadh na ciníocha go léir ag caoi, diomaite díobh siúd atá tar éis scaradh le gach ní eile ach tú féin, agus atá tar éis aghaidh a thabhairt ar an Té a rinne foilsiú ortsa agus arb é Taispeánadh do chui buanna é’.
Tá an Té úd arb é do Chraobhsa é, mar aon le do chompántas go léir, a Thiarna, tar éis scor dá dtroscadh inniu, i ndiaidh dóibh é a chur i gcrích laistigh de thearmann do Chúirte, lena bhfuil d’fhonn orthu do dhea-thoil a bhaint amach. Ordaigh dósan, dóibh seo mar an gcéanna, agus don dream atá tar éis teacht i do láthairse gach a raibh i ndán i do Leabhar. Riar orthu, mar sin, a rachaidh chun tairbhe dóibh sa saol seo agus sa saol úd eile.
Is tú, le fírinne, an tUile-Fheasach, an tUileChríonna.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

