NEAMHSPLEÁCHAS (#13791)

Go moltar d’ainm, a Dhia! achainím ort dar boladh cumhra éide do ghrásta a scaipeadh ar d’ordú agus de réir do mhéine ar fud na cruthaitheachta go léir, agus dar grian mhaidine do thola a thug uaithi a solas lonrach orainn trí neart do chumhachta agus do fhlaithis os cionn bun spéire do thrócaire, go ndéanfaidh tú an uile mhian gan bhrí agus gach aon samhail bhaoth a scrios de mo chroí le go gcasfaidh mé i do threo ó mo chroí amach, a Thiarna an chine dhaonna go léir. 
Is mé do sheirbhíseach agus mac do sheirbhísigh, a Dhia! Táim i ndiaidh breith ar lámh do ghrásta agus tá greim agam ar théad do thrócaire. Deonaigh go bhfaighidh mé na nithe maithe ar leatsa iad agus déan mé a bheathú ón bhord atá curtha anuas agat ó néalta d’fhéile agus ó neamh d’fhabhair. 
Is tusa, gan aon agó, Tiarna an uile shaoil agus Dia lucht aitribh neimhe agus talún.   
Bahá’u’lláh

-Bahá'u'lláh
-----------------------

NEAMHSPLEÁCHAS (#13792)

Is iomaí sin croí fuar, reoite, a Dhia, atá curtha ar dearglasadh le tine do Chúise agus is iomaí sin suanaí ar mhúscail binneas do ghutha é. Nach iomaí sin coigríochach a d’iarr foscadh ar scáth chrann d’aontachta agus nach iomadúil iad an dream tartmhar a raibh dúil a gcroí i bhfuarán d’uisce bheo acu le do linn!  
Is beannaithe an té a d’iompaigh i do threo agus é faoi dheifir grian mhaidine shoilse d’aghaidhe a bhaint amach. Is beannaithe an té a chas óna chroí amach i leith láthair éirí gréine do 
Thaispeánta agus láthair bhunfhoinse do thinfidh. 
Is beannaithe an té a chaith i do chosán an méid a bhronn tú air trí d’fhéile agus d’fhabhair. Is beannaithe é an té agus tnúthán síoraí aige leat a chaith uaidh an uile ní ach tú féin. Is beannaithe an té a raibh sé de nós aige dlúthchumann a dhéanamh leat, duine a chuir uaidh gach ceangal le héinne ach tú. 
Achainím ort, a Thiarna, dar an Té arb é d’ainm é, an Té a d’éirigh trí chumhacht do fhlaithis agus do nirt os cionn bun spéire a phríosúin le go n-ordódh sé don uile dhuine an ní is cuí leat féin agus is iomchuí do d’ardchéimíocht. Tá do neart, go fírinneach, inchurtha le gach uile ní. 
Bahá’u’lláh

-Bahá'u'lláh
-----------------------

NEAMHSPLEÁCHAS (#13793)

Ní fios dom, a Dhia, cad é an tine a d’adaigh tú i do thír. Ní fhéadfaidh an talamh a niamhracht a dhubhú ná an t-uisce a bladhm a mhúchadh go deo.  
Níl ciníocha an domhain uile in inmhe cur i gcoinne a nirt. Is beannaithe go mór an té a dhruid ina haice is a chuala a fothram.  
Is ann do dhaoine, a Dhia, ar chuir tú ar a gcumas, trí do ghrásta ar ábhar neartaithe dúinn é, teacht i ndeis di, ach daoine eile, de dheasca a bhfuil déanta ag a lámha le do linn, choinnigh tú siar uaithi iad. Cibé duine a dheifrigh chuici gur shroich sé í, thug sé suas, agus díocas air amharc ar d’áilleacht, a bheatha i do chosán, agus d’ardaigh chugat, agus é tar éis scaradh le gach uile ní ach tú féin. 
  Sirim ort, a Thiarna tríd an tine a bhladhmann agus a loisceann i saol na cruthaitheachta na caillí a shracadh as a chéile a choisc orm teacht os comhair ríchathaoir do Mhórgachta agus seasamh ag doras do gheata. Geall dom, a Thiarna, gach aon mhaith dar chuir tú síos i do Leabhar agus ná lig dom a bheith i bhfad ó dhídean do thrócaire. 
Tá ar do chumas cibé rud is mian leat a dhéanamh. Is tú, go deimhin, an tUileChumhachtach, an Ró-Fhlaithiúil.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

NEAMHSPLEÁCHAS (#13794)

A Thiarna! is ortsa atá mo thriall mar dhídean agus ar do dhea-chomharthaí a stiúraim mo chroí. A Thiarna, cibé acu ag taisteal dom nó sa bhaile, ag obair dom nó i mbun mo ghairme, cuirim mo mhuinín go hiomlán ionatsa. 
Deonaigh dom do chúnamh fóinteach le go mbeidh mé neamhspleách ar gach éinní, a Dhia nach bhfuil sárú ag aon duine ort i dtaobh na trócaire! 
Bronn orm mo chuid, a Thiarna, de réir mar is toil leat agus deonaigh go mbeidh mé sásta lena bhfuil ordaithe agat dom. Is leatsa an t-údarás rialaithe go huile is go hiomlán.

-The Báb
-----------------------

NEAMHSPLEÁCHAS (#13795)

A Dhia liom! is tú mo dhóchas agus m’ansacht, an sprioc is airde liom agus mo mhian. Faoin uile umhlaíocht agus ó mo chroí amach sirim tú agus déan miontúr do ghrá díom i do thír, lampa d’eolais i measc do chuid créatúr agus meirge na féile diaga  i do chríocha. 
Déan mé a áireamh ar an dream sin de do sheirbhísigh a rinne iad féin a scaradh leis an uile ní ach tú, a choisric iad féin ar nithe diomuana an tsaoil agus ar na hiarrataí a spreagann lucht na mianta baotha a aithris. 
Go líontar mo chroí lán áthais trí spiorad an daingnithe ó do ríocht agus go ngeala mo shúile trí bhreathnú ar shluaite na cabhrach diaga ag tuirlingt orm, ceann i ndiaidh a chéile, ó ríocht na glóire uileneartmhaire. 
Is tú, gan aon agó, an tUile-Chumasach , an tUile-Ghlórmhar, an tUile-Chumhachtach.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

NEAMHSPLEÁCHAS (#13796)

A Dhia liom! líon dom cupán an neamhspleáchais ar an uile ní agus i láthair chomhthionól do shoilse lonracha agus do thíolaicí cuir lúcháir orm le fíon mo ghrá duit. Déan mé a shaoradh ar iarrataí grá ainmheasartha agus na hainmhéine, bris díom geimhle an domhain laistíos, tarraing faoi aoibhneas mé aníos go dtí Ríocht na bhFlaitheas  agus déan mé a athnuachan i measc do chuid bansearbhóntaí le séideáin anáil do naofachta. 
A Thiarna! déan m’aghaidh a ghealadh le soilse do chuid tíolaicí, soilsigh mo shúile trí amharc ar chomharthaí do nirt uilechloítigh; cuir gliondar ar mo chroí le glóir d’eolais a thimpeallaíonn an uile ní, cuir áthas ar m’anam le do scéala mórlúchára a thugann beocht don uile anam, a Rí an tsaoil seo agus Ríocht na bhFlaitheas, a Thiarna ceannais agus nirt, le go scaipfidh mé go leitheadach do chuid comharthaí agus samhlacha, do Chúis a chur os ard, do chuid Teagaisc a chur chun cinn, do Reacht a fhreastal agus do Bhriathar a ardú. 
Is tú, go deimhin, an Neartmhar, an Síor-Thabhartasach, an Cumasach, an tUile-Chumhachtach.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

