MAITHIÚNAS (#13804)

Is mise an duine úd, a Thiarna, a bhfuil a aghaidh tugtha aige ort, a bhfuil a dhóchas suite in iontais do ghrásta agus sna nithe úd a bhí mar thaispeánadh ar d’fhéile dúinn. Agraím thú agus ná ceadaigh go gcuirfear chun bealaigh faoi dhíomá ó dhoras do thrócaire mé, ná go bhfágfar tréigthe mé i gcuideachta lucht na gcreatúr úd de do chuid a thug cúl a gcinn le do Chúis. 
Is mé, a Dhia, do sheirbhíseach agus mac do sheirbhísigh. Tá mé i ndiaidh d’fhírinne a aithint le linn do ré, mo choiscéim a dhíriu i dtreo chladaigh d’aontachtasa, agus mé ag admháil d’aonarachta, ag dearbhú d’aonraicis agus ag súil le do mhaithiúnas agus le do phardún. Is tú atá cumasach ar cibé ní is toil leat a dhéanamh; níl Dia ar bith eile ann ach tú, an tUile-Ghlórmhar, an Síor-Mhaiteach.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

MAITHIÚNAS (#13805)

Dearcann tú ormsa, a Thiarna, a bhfuil m’aghaidh tugtha agam ar neamh d’fhéile agus ar aigéan d’fhabhair, agus droim láimhe agam don uile ní ach tú. Sirim ort dar niamhracht ghrian do thaispeánta ar Chnoc Shíoná agus dar dealramh soilse réalt do ghrásta a shoilsíonn ó bhun spéire d’ainm, an Síor-Mhaiteach, do phardún a dheonú dom agus trócaire a dhéanamh orm. Cuir i scribhínn dom, mar sin, le peann do ghlóire an ní úd a dhéanfaidh mé a ardú i saol seo na cruthaitheachta. Cuidigh liom, a Thiarna, casadh i do leithse agus cluas a thabhairt do ghlór lucht d’ansachta nár éirigh leo siúd ag a bhfuil cumhacht ar domhan iad a chur in ísle brí ná nach raibh de neart ag lucht ceannais na gciníocha iad a choinneáil siar uait, lucht d’ansachta a d’fhógair, le linn dóibh a bheith ag dul ar aghaidh ionsortsa: ‘Is é Dia is Tiarna dúinn, Tiarna na n-uile dá bhfuil ar neamh agus na n-uile dá bhfuil ar talamh.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

MAITHIÚNAS (#13806)

Iarraim mar achainí ort, a Thiarna, gach trácht a dhéanaim nach ortsa é a mhaitheamh dom, mar an gcéanna le gach uair dá molaim éinneach nach tusa, gach ní dá dtugaim taitneamh ach an taitneamh a bheith i bhfogas duitse, gach ní dá bhfaighim pléisiúr ach pléisiúr mo chumainn leatsa, gach lúcháir ach lúcháir do ghrá agus do dhea-thola agus gach uile ní a bhaineann liomsa amháin agus gan gaol aige leatsa, a Dhia ar tú Tiarna na dTiarnaí, an té a chuireann ar fáil dúinn an bealach agus a bhaineann glas de na doirse.

-The Báb
-----------------------

MAITHIÚNAS (#13807)

A Thiarna Sho-Mhaiteach! is tú atá mar áit tearmainn ag na seirbhísigh uile seo leat. Tá eolas agat ar gach a bhfuil faoi rún agus gan éinní ann nach feasach duit. Is neamhchumasach sinne go léir ach is tusa an Neartmhar, an tUileChumhachtach. Is peacaigh sinn uile agus is tusa a mhaitheann na peacaí, an So-Mhaiteach, an Trua-Chroíoch. A Thiarna! ná dearc ar ár gcuid lochtanna. Bí ag plé linn de réir do ghrásta agus d’fhéile. Is iomaí sin locht atá orainn ach tá aigéan do mhaithiúnais gan teorainn. Is léanmhar í ár laige ach tá fianaise do chabhrach agus do chúnaimh an-soiléir. Mar sin de, déan sinn a neartú agus a dhaingniú. Cuir ar ár gcumas an ní úd a chur i gcrích arb iomchuí é le go mbainfidh sé do thairseach bheannaithe amach. Déan ár gcroíthe a shoilsiú, deonaigh dúinn súile na tuisceana agus cluasa aireacha. Déan na mairbh a athbheo agus lucht easláinte a leigheas. Bronn saibhreas ar na bochtáin agus tabhair síocháin agus slándáil dóibh siúd atá faoi scáth. Glac linn i do ríocht agus déan dealrach sinn le solas do threorach. Is tusa an Cumhachtach agus an tUileChumasach. Is tusa an Ceansa, is tusa an Cineálta.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

