Return   Facebook   Zip File

Obligatory

Tugaim fianaise, a Dhia, gur chruthaigh tú mé chun tú a aithint agus a adhradh. Dearbhaím san am seo mo neamhéifeacht agus do neart, mo bhochtanas agus do shaibhreas.

Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an Cúntóir i mbaol, an Féin-Chothaitheach.

#13767
- Bahá'u'lláh

 

LE HAITHRIS UAIR AMHÁIN I GCAITHEAMH CEITHRE HUAIRE IS FICHE

Cibé duine ar mian leis an phaidir seo a aithris, éiríodh sé ina sheasamh ina áit, agus a aird á díriú aige ar Dhia, dearcadh sé ar dheis agus ar chlé faoi mar a bheadh sé ag feitheamh le trócaire a Thiarna, an Ró-Thrócaireach, an tAtruach. Leis sin abraíodh sé:

A

Dhia! A Thiarna an uile ainm agus a

Chruthaitheoir na bhFlaitheas, impím ort dar Réalt Maidine do bheatha do-fheicthe, an Ró-Ard, an tUile-Ghlórmhar, tine a dhéanamh de m’urnaí a dhófaidh díom na fiala a dhún amach mé ó do Scéimh agus solas a threoróidh mé chun aigéan do Láithreach.

Leis sin ardaíodh sé a lámha go himpíoch ionsar Dhia — beannaithe agus ardaithe go raibh sé — agus abraíodh sé:

A Rún an tsaoil agus a Ansacht na gciníocha, feiceann tú mé ag tiontú chugat agus mé fuascailte ón uile cheangal le héinneach seachas tú agus mé ag cloí le do théad ar corraíodh an chruthaitheacht go léir trína gluaiseacht. Is mise do sheirbhíseach, a Thiarna liom, agus mac do sheirbhísigh. Féach orm is mé i mo sheasamh réidh le cibé ní is toil agus is mian leat a chur i gcrích agus gan rún ar bith eile agam ach do dheathoil féin. Agraím tú dar Aigéan do thrócaire agus dar Grian Mhaidine do ghrásta agus bí ag caitheamh le do sheirbhíseach de réir do mhéine agus do phléisiúir. Dar do neart atá ardaithe i bhfad os cionn iomrá agus moladh an uile dhuine! cibé ní atá taispeánta agat, is é sin mian mo chroí agus ansacht m’anama. A Dhia liom! ná dearc ar an méid a dhéanaim ná a gcuirim mo dhóchas ann, ní hea, ach dearc ar do thoil a bhfuil neamh agus talamh timpeallaithe aici. Dar d’Ainm RóMhór, a Thiarna an uile chine! ní raibh de mhian agam ach an ní ba mhian leatsa ná níor thug mé grá ach don ní a raibh grá agat féin air.

Téadh sé ar a ghlúine leis sin agus ag cromadh a éadain chun na talún dó abraíodh sé:

Is ardaithe atá tú os cionn tuairisc aon duine seachas do thuairisc féin agus os cionn tuiscint aon duine seachas do thuiscint féin.

Leis sin éiríodh sé ina sheasamh agus abraíodh:

Déan de m’urnaí, a Thiarna liom! foinse d’uisce beo a chuirfidh ar mo chumas marthain chomh fada agus is ann do do fhlaitheas féin agus trácht a dhéanamh ort in gach saol de do shaolta.

Ardaíodh sé a lámha go himpíoch arís agus abraíodh:

A Dhia! a bhfuil coscar déanta ar chroíthe agus anamacha as siocair iad a bheith dealaithe leat agus a bhfuil an domhan mór uile ar dearglasadh de gheall ar do ghrá! agraím tú dar d’Ainm lenar cheansaigh tú an chruthaitheacht uile agus ná coinnigh uaim a bhfuil agat, a Dhia atá ina rialóir ar an uile dhuine! Feiceann tú, a Thiarna, an strainséar seo ag deifriú chun an bhaile ró-aird faoi fhirmimint do mhaorgachta agus laistigh de thearmann do thrócaire; agus an peacach seo ag lorg aigéan do mhaithiúnais; agus an té uiríseal seo ag lorg chúirt do ghlóire; agus an créatúr bocht seo ag lorg chríocha do shaibhris. Is leatsa an t-údarás le cibé ordú is toil leat a thabhairt uait. Tugaim fianaise go bhfuil do chuid gníomhartha le moladh, do chuid aitheanta le cur i gcrích agus nach bhfuil smacht ar bith le cur ar do chuid forálacha go brách.

Ardaíodh sé a lámha leis sin agus abraíodh sé an tAinm Ró-Mhór trí huaire i ndiaidh a chéile. Cromadh sé chun tosaigh agus a lámha ligthe ar a ghlúine aige os comhair Dé — beannaithe agus ardaithe go raibh sé — abraíodh sé:

Feiceann tú, a Dhia, mar atá mo spiorad corraithe I mo chorp agus i mo cholainn lena bhfuil d’fhonn air tú a adhradh, agus é ag tnúth chomh mór sin le trácht agus adhmholadh a dhéanamh ort; mar a dhearbhaíonn sé a bhfuil dearbhaithe ag Teanga d’Aithne i ríocht d’urlabhra agus ar neamh d’eolais. Is aoibhinn liom, agus mé sa riocht seo, a Thiarna, gach a bhfuil agat a iarraidh d’achaine ort le go dtaispeánfaidh mé uaim mo bhochtanas, agus d’fhéilese is do shaibhreas a mhóradh, agus mo neamhéifeacht a fhógairt, agus do chumhacht is do neart a léiriú.

Éiríodh sé ina sheasamh agus a lámha a ardú faoi dhó mar achaine agus abraíodh sé:

Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an tUileChumhachtach, an tUile-Fhlaithiúil. Níl Dia ar bith ann ach tú, an Reachtóir i dtosach agus i ndeireadh aimsire. A Dhia liom! is é do mhaithiúnas a mhisnigh mé, is é do thrócaire a neartaigh mé, is é do ghlao a mhúscail mé agus is é do ghrásta a thóg in airde agus a threoraigh i d’araicis mé. Murach sin cé mé féin le go mbeadh de dhánacht ionam seasamh ag geata chathair do chóngair nó m’aghaidh a dhíriú ar na soilse a dhealraíonn ó neamh do thola? Feiceann tú, a Thiarna, an créatúr ainnis seo ag cnagadh ar dhoras do ghrásta agus an t-anam díomuan seo ag lorg abhainn na beatha síoraí ó lámha d’fhéile. Duitse is cuí an reacht a thabhairt uait anois agus go bráth, a Thiarna an uile ainm; agus domsa is cuí umhlaíocht a thaispeáint uaim agus géilleadh de mo dheoinse do do thoil, a Chruthaitheoir Neimhe!

Ardaíodh sé a lámha leis sin trí huaire agus é seo á rá aige gach uair:

Is mó é Dia ná gach neach mór.

Téadh sé ar a ghlúine leis sin agus ag cromadh a éadain chun na talún dó abraíodh:

Ró-ard atá tú le go n-ardódh moladh uathu sin atá i ndeis duit chun neamh do chóngair, nó go sroichfeadh éanacha croíthe na muintire úd atá dílis duit doras do gheata. Dearbhaím go bhfuil tú naofa os cionn gach bua dá gcuirtear síos duit agus beannaithe os cionn gach ainm dá luaitear leat. Níl Dia eile ann ach tú, an Ró-Cheannasach, an tUile-Ghlórmhar.

Leis sin suíodh sé agus abraíodh:

Dearbhaím a bhfuil dearbhaithe ag an gcruthaitheacht uile agus ag an Slua Neamhaí agus ag áitritheoirí an Pharthais is airde, agus lastuas díobh sin, ag Teanga na Maorgachta féin ón mbun spéire uileghlórmhar, gur tú Dia, nach bhfuil Dia ann ach tú agus gurb é atá taispeánta an Rúndiamhair Folaithe, an Siombail is Ansa trínar nascadh agus ar fíodh le chéile na litreach ‘B’ agus ‘Í’. Dearbhaím gurb é a bhfuil a ainm curtha síos ag Peann an Té is Ró-Airde, agus a ndearnadh trácht air i Leabhair Dé, Tiarna na Ríchathaoireach sna harda agus na talún faoi.

Éiríodh sé ina sheasamh díreach agus abraíodh:

A Thiarna na beatha uile agus a Shealbhóir gach ní, idir infheicthe agus dhofheicthe! airíonn tú mo dheora agus na hosnaí a ligim, m’éagaoin is mo chneadaíl, agus olagón mo chroí. Dar do chumhacht! chuir mo chionta ar gcúl mé ó dhruidim in aice leat agus choinnigh mo pheacaí i bhfad mé ó chúirt do naofachta. Is é do ghrása mo shaibhreas, a Thiarna, agus is é mo dhealú leatsa mo léirscrios, agus is é údar mo chaille mé a bheith san iargúltacht i bhfad uait. Achainím ort, dar do choiscéimeanna san fhásach seo agus dar na briathra ‘Seo duit mé! Seo duit mé!’ atá labhartha ag lucht d’ansachta ar an domhan cláir agus dar análacha do Thaispeánta agus gaotha séimhe Chamhaoir d’Fhoilsithe, a chinneadh liom go bhféachfaidh mé ar do scéimh agus go gcloífidh mé lena bhfuil i do Leabhar.

Aithrisíodh sé leis sin an tAinm Ró-Mhór trí huaire i ndiaidh a chéile agus cromadh sé, a lámha ligthe ar a ghlúine aige, agus abraíodh sé:

Moladh leat, a Thiarna, gur chuidigh tú liom cuimhneamh ort agus tú a mholadh agus gur lig tú fhad liom aithne an Té arb é Réalt Maidine do chuid iontas é agus gur thug tú orm sléachtadh os comhair do Thiarnais agus umhlú os comhair do Dhiachta agus glacadh lena bhfuil ráite ag Teanga do Mhórgachta.

Éiríodh sé leis sin agus abraíodh sé:

A Dhia liom! is crom mo dhroim le hualach mo pheacaí agus is scriosta atáim de dheasca mo neamhaire. Nuair a mheabhraím ar mo dhrochghníomhartha agus ar do dhea-mhéin coscraítear an croí ionam agus cuirtear mo chuid fola agus feola trína chéile. Dar do scéimh, a Rún an tSaoil! lasaim le náire agus mé ag ardú m’aghaidhe chugat agus tagann cearthach ar mo lámha le neart a dtnútháin agus iad ag síneadh uaim ionsar neamh d’fhéile. Feiceann tú, a Dhia, mar a choisceann mo dheora mé a bheith ag cuimhneamh ort agus ag adhmholadh do bhuanna, a Thiarna na Ríchathaoireach sna harda agus ar talamh faoi! Impím ort dar comharthaí do Ríochta agus dar rúndiamhra do Fhlaithis, caitheamh le lucht d’ansachta mar is cuí do d’fhéile, a Thiarna na Beatha uile, agus mar a oireann do do ghrásta, a Rí ar a bhfuil sa chruthaitheacht, idir infheicthe agus dhofheicthe!

Aithrisíodh sé leis sin an tAinm Ró-Mhór trí huaire i ndiaidh a chéile, agus téadh sé ar a ghlúine agus, a éadan curtha aige leis an talamh, abraíodh sé:

Moladh leat, a Thiarna linn, gur chuir tú anuas chugainn an ní a tharraingíonn i ngiorracht duit sinn agus a riarann orainn gach aon ní maith atá curtha anuas agat i do Leabhair agus i do Scrioptúir. Déan sinn a chosaint, impímid ort, a Thiarna linn, ar shluaite na samhlacha baotha agus na smaointe fánacha. Is tú, go deimhin, an Cumhachtach, an tUile-Fheasach.

Ardaíodh sé a cheann leis sin, suíodh sé agus abraíodh:

Dearbhaím, a Dhia, ar dhearbhaigh na fíréin, agus admhaím ar admhaigh lucht cónaithe an Pharthais róaird agus an mhuintir a théann timpeall ar do

Ríchathaoir mhórga. Is leatsa ríochtaí talún agus neimhe, a Thiarna an uile shaoil.

#13843
- Bahá'u'lláh

 

LE HAITHRIS GO LAETHÚIL, AR MAIDIN, UM NÓIN AGUS SAN IARNÓIN

Cibé duine ar mian leis urnaí a rá níodh sé a lámha agus le linn dó a bheith á ní abraíodh sé:

Neartaigh mo lámh, a Dhia, le go bhfaighidh sí greim ar do Leabhar chomh diongbháilte sin nach mbeidh cumhacht ar bith ag na sluaite talmhaí uirthi. Déan í a chosaint, mar sin, ar chur isteach ar ní ar bith nach mbaineann léi. Is tú, go deimhin, an Neartmhar, an Ró-Chumhachtach.

Agus le linn dó a aghaidh a ní abraíodh sé:

Táim tar éis m’aghaidh a thiontú chugatsa, a Thiarna! Déan lonrach í le solas do ghnúise. Coimeád í, mar sin, ar thiontú i dtreo éinne ach tú.

Seasadh sé leis sin agus é ag tabhairt aghaidh ar an Qiblih (Pointe Adhartha .i. Bahjí, ‘Akká) abraíodh sé:

Tugann Dia fianaise nach bhfuil Dia ar bith eile ann ach é. Is leis ríochtaí an Taispeánta agus na cruthaitheachta. Is é, le fírinne, a rinne taispeánadh ar an Té arb é Réalt Maidine an Taispeánta, a rinne comhrá ar Chnoc Síonaí, ar tríd a cuireadh dealradh sa Bhun Spéire Ceannasach agus a labhair an Crann Loiteoige nach bhfuil aon dul thairis air, agus ar tríd a fógraíodh an ghairm dá bhfuil ar neamh agus ar talamh: ‘Féach! tá an tUile-Shealbhach tar éis teacht. Is le Dia talamh agus neamh, glóir agus tiarnas: is é Tiarna an uile dhuine é, Sealbhóir na Ríchathaoireach sna harda agus na talún thíos!’

Cromadh sé leis sin agus, na lámha ligthe ar a ghlúine aige, abraíodh:

Is ardaithe atá tú os cionn moladh uaimse agus os cionn moladh ó éinne eile seachas mé, os cionn mo thuairisce agus tuairisc gach a bhfuil ar neamh agus gach a bhfuil ar talamh!

Leis sin, agus é ina sheasamh agus a bhosa tiontaithe in airde lena aghaidh aige, abraíodh sé:

Ná baintear, a Thiarna, a dhúil den té seo a choinnigh greim le méara na hachaine d’fháithim do thrócaire agus do ghrásta, a Dhia ar tú is trócairí díobh siúd a dhéanann trócaire.

Suíodh sé leis sin agus abraíodh:

Tugaim fianaise do d’aontacht agus do d’aonacht, agus gur tú Dia agus nach bhfuil Dia ar bith eile ann ach tú. Tá tú, go deimhin, tar éis do Chúis a thaispeánadh, do Chúnant a chur i gcrích, agus d’fhág tú ar leathanoscailt doras an ghrásta don uile dhuine a mhaireann ar neamh agus ar talamh. Beannacht agus síocháin, beannú agus glóir go raibh ar lucht d’ansachta, nár thug claochlú ná síorathrú an tsaoil seo orthu casadh ar leataobh uait, dream a thug uathu gach a raibh acu le dúil is go mbainfeadh amach an méid atá i do sheilbhse. Is tú, le fírinne, an Síor-Mhaiteach, an tUile-Bhronntach.

(Más é is mian le duine in áit an véarsa fhada na briathra seo a leanas a aithris ba leor é: ‘Tugann Dia fianaise nach bhfuil Dia ar bith eile ann ach é, an Cúntóir i mbaol, an Féin-Chothaitheach’. Agus, sa tslí chéanna, ba leor é dá ndéanfadh sé rogha ar na briathra seo a aithris le linn dó a bheith ina shuí: ‘Tugaim fianaise do d’aontacht agus do d’aonacht, gur tú Dia agus nach bhfuil Dia ar bith eile ann ach tú’.)

#13842
- Bahá'u'lláh

 

General

AN CINE DAONNA

A Thiarna thruach! is tú atá fial agus cumasach! Is seirbhísigh leat sinn a chuaigh ar foscadh faoi scáth d’oirchille diaga. Amharc orainn de shúil d’fhabhair. Cuir solas inár súile, éisteacht inár gcluasa, agus tuiscint is grá inár gcroíthe. Deonaigh go mbeidh ár n-anamacha áthasach, lúcháireach de bharr an dea-scéala seo de do chuidse. A Dhia! cuir ar ár súile slí do ríochta agus déan muid uile a athmhúscailt trí anáil an Spioraid Naoimh. Ceadaigh dúinn beatha shíoraí agus bronn orainn onóir gan chríoch. Déan an cine daonna a aontú agus soilsigh saol an duine. Go leana muid uile i do chosán agus sinn agtnúth le do dhea-thoil agus tóir á déanamh againn ar chuid mistéirí do ríochta. A Dhia, déan sinn a aontú agus ár gcroíthe a cheangal le do nasc atá do-scaoilte. Go deimhin, is tusa an Tabharthóir, an Té atá Fial agus is tusa an tUileChumhachtach.

#13811
- `Abdu'l-Bahá

 

AN TROSCADH

Moladh leat, a Thiarna Dé! achainím ort dar an taispeánadh seo trína ndearnadh solas den dorchadas, trínar tógadh teampall na cuartaíochta, trínar foilsíodh an Taibléad Scríofa, trínar nochtadh an rolla leata, an ní úd a chur anuas ormsa agus orthu siúd atá i mo chuideachta a chuirfidh ar ár gcumas dul ar ardeitilt isteach i neamh do ghlóire tarchéimniúla agus a nífidh dínn smál an chineál amhrais a chuir de bhac ar dhream na mímhuiníne dul isteach i dtaibearnacal d’aontachta.

Is mise an té, a Thiarna, a choinnigh greim docht ar théad do thrócaire grámhaire, agus a chloígh le fáithim do thaise agus do chuid fabhar. Ordaigh domsa agus do lucht m’ansachta maith an tsaoil seo agus an tsaoil atá le teacht. Cuir ar fáil dóibh, mar sin, an bronntanas folaithe atá ordaithe agat don dream tofa i measc do chuid créatúr.

Is iad seo, a Thiarna, na laetha ar ordaigh tú do do sheirbhísigh dul i mbun an trosctha lena linn. Is beannaithe an té ar mar gheall ortsa amháin a théann sé i mbun an trosctha agus é scartha go huile is go hiomlán leis an uile ní ach tú. Cabhraigh liomsa agus leo-san, a Thiarna, a bheith umhal duit agus géilleadh do d’aithintí. Tá ar do chumas, go deimhin, do rogha rud a dhéanamh.

Níl aon Dia eile ann ach tú an tUile-Fheasach, an tUile-Chríonna. Go raibh an uile mholadh ag Dia, Tiarna an uile shaoil!

#13831
- Bahá'u'lláh

 

BRONNTAÍ AR MHAOINCHISTE AN CHREIDIMH

A Dhia, a Dhia liom! soilsigh éadan an dreama úd a thug grá duit go dílis agus tabhair taca dóibh le sluaite ainglí an bhua dho-earráide. Daingnigh a gcosa i do chosán díreach agus, mar gheall ar do fhlaithiúlacht arbh ann di ó anallód, oscail rompu mórdhoirse do bheannachtaí de bhrí go bhfuil á chaitheamh acu i do shlí ar bhronn tú orthu, agus iad ag cur do chreidimh ar láimh a shábháilte, ag cur a ndóchais ina gcuimhne ortsa, ag tairiscint a gcroíthe ar a ngrá duitse agus gan a bheith ag coinneáil siar uait a bhfuil ina seilbh acu de bharr an adhartha a dhéanann siad ar d’áilleacht agus na tóra atá acu ar bhealaí le sásamh a thabhairt duit.

A Thiarna liom! deonaigh dóibh sciar atá flúirseach, cúiteamh atá geallta dóibh agus duais atá i ndán dóibh. Go deimhin, is tusa an Cothaitheoir, an Cúntóir, an Fial, an Tabharthóir, an SíorBhronntach.

#13808
- `Abdu'l-Bahá

 

BUA NA CÚISE

A Thiarna! beartaigh go bhfásfaidh crann d’aontachta diaga go tapaidh; déan é a fhliuchadh, mar sin, le tuile uiscí do dhea-thola agus deonaigh go dtabharfaidh sé uaidh, i láthair thaispeánadh do dhearbhaithe dhiaga, torthaí den chineál is mian leat le glóir a thabhairt duit agus le tú a ardú, le tú a mholadh agus le buíochas a thabhairt duit, le hadhmholadh a dhéanamh ar aontacht do bheatha, agus le tú a adhradh, de bhrí gur agatsa amháin agus ní ag éinneach eile atá greim ar an méid sin uile. Is mórbheannaithe an dream iad siúd ar roghnaigh tú a gcuid fola le go ndéanfaí crann do dheimhnithe a fhliuchadh léi agus, dá réir sin, le do bhriathar naofa, dochlaochlaithe a chur os ard.

An Bolscaire

#13829
- The Báb

 

A Thiarna! deonaigh go mbeidh cead isteach i bparthas do chreidimh ag ciníocha an domhain go léir, sa dóigh nach bhfanfaidh neach dár cruthaíodh riamh lasmuigh de chríocha do dheathola.

Ó thosach aimsire bhí de chumas agat cibé ní ba thoil leat a chur i ngníomh agus tú ró-ard i gcéim os cionn cibé ní ba mhian leat.

#13830
- The Báb

 

BUANSEASMHACHT

Go dtugtar moladh agus glóir duit, a Dhia! deonaigh gur tapaidh a dhruidfidh linn an lá úd a mbainfear amach do láthair dhiaga. Cuir áthas ar ár gcroíthe trí éifeacht do ghrá agus do dheathola, agus bronn de dhaingne orainn go ngéillfimid go sásta do do thoil agus d’fhoraithne. Go deimhin, timpeallaíonn d’eolas an uile ní atá cruthaithe agat nó a chruthóidh tú feasta agus sáraíonn do neart neamhaí cibé ní a thug nó a thabharfaidh tú chun beatha. Níl éinneach is dual dúinn a adhradh ach tú, níl éinneach ar dual dó a bheith mar mhian againn ach tú, níl éinneach ar dual dó a bheith ina chuspóir croí againn ach

tú, ná níl éinní ar dual dúinn grá a thabhairt dó ach do do dhea-thoil.

Go deimhin, is tú an tArd-Rialóir, an Fhírinne

Cheannais, an Cúntóir i mbaol, an Féin-

Chothaitheach.

#13825
- The Báb

 

A Thiarna, a Dhia liom! cuidigh leo siúd is ansa leat a bheith daingean i do chreideamh, siúl i do shlite, agus a bheith seasmhach i do chúis. Deonaigh de ghrásta dóibh cur in aghaidh ruathair an leithleachais agus na hainmhéine agus leanúint do sholas na treorach diaga. Is tusa an Neartmhar, an Ceansa, an tUile-Chumhachtach, an tUile-Fhlaithiúil.

#13826
- `Abdu'l-Bahá

 

BUANSEASMHACHT SA CHÚNANT

Daingnigh dúinn ár gcoiscéim, a Thiarna, i do chosán agus neartaighse ár gcroíthe inár n-umhlaíocht duit. Tabhair orainn ár n-aghaidheanna a chasadh i leith áilleacht d’aontachta agus cuir aoibhneas ár n-anama istigh orainn le comharthaí d’aonarachta. Déan ár gcoirp a mhaisiú le fallaing d’fhéile, bain dár gcuid súl fial na peacúlachta agus tabhair dúinn cailís do ghrásta le go gcanfaidh an uile chréatúr óna gcroí istigh ag déanamh athmholadh ort i bhfianaise do mhórgachta. Déan thú fein a nochtadh dúinn, mar sin, a Thiarna, trí d’urlabhra thrócaireach agus trí rúndiamhair bunbhrí dhiaga do bheatha le go líonfaidh eacstais bheannaithe na hurnaí ár n-anamacha – an urnaí úd a ardóidh os cionn briathra agus litreacha agus a dhéanfaidh foghair agus fuaimeanna a shárú – agus le go rachaidh an uile ní chun a chéile ar neamhní glan os comhair thaispeánadh do niamhrachtasa.

A Thiarna! Is iad seo do chuid seirbhíseach a chloígh go daingean, diongbháilte le do Chúnant agus le do Thiomna, a choinnigh greim docht ar théad na dílseachta i do Chúis agus a ghreamaigh d’fháithim fhallaing do mhórgachta. Cuidigh leo, a Thiarna, le do ghrásta, daingnigh le do chumhacht iad agus neartaigh ina n-anam istigh iad faoi umhlaíocht duitse. Is tusa an Maiteach, an Ceansa.

#13802
- `Abdu'l-Bahá

 

A Dhia, mo Thiarna agus mo dhóchas! cuidigh le lucht d’ansachta a bheith buanseasmhach i do

Chúnant ollmhór, leanúint dílis i do Chúis fhollasach agus d’aitheanta a leag tú síos dóibh i Leabhar na Niamhrachta a chur i gcrích le go ndéanfar díobh meirgí na dea-chomhairle, lóchrainn de chuid an tSlua bheannaithe, foinsí do chríonnachta síoraí, agus réalta a threoraíonn i gceart agus iad ag soilsiú ón spéir neamhaí lastuas. Go deimhin, is tusa an Do-Chloíte, an tUile-Neartmhar, an tUile-Chumhachtach.

#13803
- `Abdu'l-Bahá

 

CABHAIR I gCRUACHÁS

An bhfuil aonduine chun fadhbanna a réiteach ach Dia amháin. Abair: moladh le Dia! Is é Dia é! Is seirbhísigh leis cách is leanann cách a bhriathar.

#13773
- The Báb

 

Abair: is é Dia a fhónann os cionn gach éinní do gach éinní agus níl aon rud ar neamh ná ar talamh nach bhfónann Dia dó. Go deimhin, as féin is é an Feasach, an Cothaitheoir, an tUile-Chumhachtach.

#13774
- The Báb

 

Achainím ort dar do Chumhacht, a Dhia! ná baineadh dochar dom in am cruacháis agus ar uairibh neamhairde déan mo chéimeanna a stiúradh chun an chirt trí do thinfeadh. Is tusa Dia atá cumasach ar an ní is mian leat a chur i gcrích. Ní féidir le héinne do thoil a chloí ná do rún a choscairt.

#13775
- The Báb

 

A Thiarna! is tusa a dhíbríonn uainn gach léan agus a scaipeann gach leatrom. Is tusa a ruaigeann gach ábhar bróin agus a fhuasclaíonn gach braighdeanach, a Shlánaitheoir na huile anama. A Thiarna! déan sinn a shaoradh trí do thrócaire agus déan mise a áireamh ar an dream sin de do chuid seirbhíseach ar shlánaigh tú iad.

#13776
- The Báb

 

Is é an Trua-Chroíoch, an tUile-Bhronntach! A Dhia, dearcann tú orm, tá aithne agat orm; is tú mo chaladh agus mo dhídean. Níor iarr mé ná ní iarrfaidh éinneach eile ach tú; níor shiúil mé ná ní shiúlfaidh cosán ar bith eile ach cosán do ghrá. Le linn oíche dhobrónach an éadóchais castar mo shúil, agus í tnúthánach, lán dóchais i dtreo mhaidin d’fhabhair gan teorainn; agus le bánú an lae faigheann m’anam mhaolchluasach athnuachan agus neart ó bheith ag cuimhneamh ar d’áilleacht agus d’fhoirfeacht. An té a gcuideoidh grásta do thrócaire leis, cé nach mbeadh ann ach deoir, éireoidh leis a bheith ina aigéan, agus an t-adamh is lú dá bhfaighidh cabhair ó rabharta do chineáltais ghrách éireoidh leis soilsiú mar a bheadh réalt lonrach ann. Tabhair ar scáth do chosanta, a Spiorad na híonghlaine, a Sholáthraí Uile-Bhronntach, an seirbhíseach seo a bhfuil a anam spreagtha agus a chroí i ndaoirseacht agat. Cuidigh leis sa saol seo atá inár láthair a bheith daingean, buanseasmhach i do ghrá agus deonaigh go bhfaighidh an t-éan seo a bhfuil a sciathán briste aige dídean agus foscadh ar do nead dhiaga atá suite ar an chrann síoraí.

#13777
- `Abdu'l-Bahá

 

A Dhia, m’ansacht is mo mhian! bí i do chara liom le linn m’uaignis agus i do chompánach agam le linn m’imirce. Bain díom mo chumha. Deonaigh go leanfaidh mé go dlúth do d’áilleacht. Déan mé a dhealú le gach éinneach ach tú féin. Tarraing chugat mé trí bholadh cumhra do naofachta. Lig dom caidreamh a dhéanamh i do ríocht leo siúd atá scartha ó gach éinní ach tú, atá ag tnúth le seirbhís a dhéanamh ag do thairseach bheannaithe agus atá réidh ag fanacht le dul ag obair i do chúis-se. Cuir ar mo chumas a bheith ar bhean de do bhansearbhóntaí a bhfuil do dhea-thoil bainte amach aici. Go deimhin, is tusa an Ceansa, an Fial.

#13778
- `Abdu'l-Bahá

 

CÁILÍOCHTAÍ SPIORADÁLTA

Cruthaigh ionam croí íonghlan, a Thiarna, agus déan coinsias suaimhneach a athnuachan ionam, a Dhia mo dhóchais. Trí spiorad do chumhachta déan daingean i do chúis mé, a Dhia, m’ansacht, agus le solas do ghlóire déan do chosán a nochtadh dom, a mhian mo chroí! Trí neart do chumhachta tarchéimniúla tóg suas mé go neamh do naofachta, a Dhia, a Fhoinse mo bheatha, agus le leoithní do shíoraíochta cuir lúcháir orm, a Neach atá i do Dhia agam! Go gcuire séiseanna do shíoraíochta anáil na sáimhe orm, a Dhia, mo chompánach; go ndéana ionnús do ghnúise ársa mé a fhuascailt ón uile ní ach tú, a Mháistir, agus go gcuire scéala thaispeánadh do bheatha dothruaillithe áthas orm, a Dhia ar tú an té is follasaí ar an dream atá follasach agus, ar an dream atá folaithe, ar tú an té is folaithe.

#13820
- Bahá'u'lláh

 

A Thiarna! bíodh d’áilleacht mar bhia dom agus do láthair mar mo dheoch. Déan do dhea-thoil mar dhóchas dom agus do mholadh mar mo ghníomh; bíodh mo chuimhne ort mar mo chompánach agus cumhacht do cheannais ina fóirithint agam, d’áitreabh ina bhaile dúchais agam, agus déan mar áit chónaí dom an suíochán atá coisricthe agat ar na heaspaí a bhaineann leo siúd atá dúnta amach uait faoi mar a bheadh fial eadraibh.

Is tú, go deimhin, an tUile-Chumhachtach, an tUile-Ghlórmhar, an Ró-Neartmhar.

#13821
- Bahá'u'lláh

 

A Dhia, ar tú Dia na féile agus na trócaire! is tú an Rí úd ar faoi bhriathar a aithne a tugadh chun beatha an chruthaitheacht go léir; agus is tú an Té Uile-Fhlaithiúil nár chuir gníomhartha a chuid seirbhíseach de bhac air riamh a ghrásta a thaispeáint uaidh, ná nár choisc air a chuid féile a nochtadh.

Ceadaigh don seirbhíseach seo, achainím ort, an ní úd a bhaint amach atá ina údar slánaithe aige in gach saol de do shaolta. Is tú go deimhin, an tUile-Chumhachtach, an Ró-Neartmhar, an tUile-Fheasach, an tUile-Chríonna.

#13822
- Bahá'u'lláh

 

A Dhia! cuir lúcháir ar mo spiorad agus déan é a athnuachan. Déan mo chroí a íonghlanadh agus mo chuid cumhachtaí a shoilsiú! Cuirim mo ghnóthaí go léir faoi réir do láimhe. Is tú mo threoraí agus m’áit dídine. Ní bheidh cumha ná buaireamh orm feasta; duine sásta, lánáthasach a bheidh ionam. A Dhia! ní bheidh mé faoi mhórimní feasta ná ní ligfidh mé do thrioblóid goilleadh orm. Ní bheidh mé ag meabhrú ar nithe míthaitneamhacha an tsaoil.

A Dhia, ar mó de chara agam tú ná mise féin, tiomnaím mé féin duitse, a Thiarna.

#13823
- `Abdu'l-Bahá

 

A Dhia, a Sholáthraí! chuir tú le d’anáil thar chreidmhigh an Iarthair boladh cumhra an Spioraid Naoimh, agus le solas na treorach diaga shoilsigh tú spéir an domhain thiar. Thug tú orthu siúd i bhí i bhfad i gcéin uait druidim i ngaireacht duit; rinne tú cairde ceanúla de strainséirí; mhúscail tú an dream a bhí ina gcodladh; agus thug ar lucht na neamhairde a bheith aireach.

A Dhia, a Sholáthraí! Cuidigh leis na creidmhigh uaisle seo do dhea-thoil a bhaint amach agus déan díobh lucht páirte an strainséara agus an charad mar an gcéanna. Deonaigh go seolfar isteach iad sa saol úd a mhaireann go brách; deonaigh dóibh a gcuid féin den ghrásta neamhaí; déan Bahá’ithe fíora díobh, ar de Dhia ó cheart iad; sábháil iad ar an gcuma bhréagach lasmuigh a theacht orthu agus bunaigh go daingean i d’fhírinne iad. Déan díobh comharthaí agus samhaltais ar do ríocht, réalta lonracha os cionn bun spéire an tsaoil laistíos. Déan díobh ábhar faoisimh agus sóláis don chine daonna agus seirbhísigh do shíocháin an domhain. Cuir lúcháir orthu le fíon do chomhairle, agus deonaigh go siúlfaidh siad go léir i gcosán d’aitheanta.

A Dhia, a Sholáthraí! Is í an mhian is ansa le seirbhíseach seo do thairsí creidmhigh an Oirthir agus an Iarthair a fheiceáil ag breith barróg ar a chéile go dúthrachtach; gach ball den tsochaí dhaonna a fheiceáil bailithe le chéile go grámhar san aon chruinniú amháin, faoi mar a dhéantar deora an uisce a thabhairt le chéile san aon fharraige amháin; féachaint orthu mar éin i rósarnach amháin, mar phéarlaí de chuid aigéin amháin, mar dhuilleoga aon chrainn amháin, mar ghathanna ón aon ghrian amháin.

Is tusa an Tréan, an Cumhachtach, agus is tusa Dia an nirt, an tUile-Chumhachtach, an tUileBhreathnaitheach!

#13824
- `Abdu'l-Bahá

 

COINEASCAR AN LAE

A Dhia, a Mháistir, a chuspóir mo mhéine! táimse, do sheirbhíseach, ag iarraidh codladh ar scáth do thrócaire agus luí faoi cheannbhrat do ghrásta agus mé ag agairt ort d’aire agus do chosanta.

Impím ort, a Thiarna, dar do shúil nach dtagann codladh uirthi, mo shúile a choimheád ar amharc ar éinní eile ach tú. Neartaigh a radharc, mar sin, le go n-aithneoidh siad do chuid comharthaí agus go mbreathnóidh siad ar bhun spéire do Thaispeánta. Is tú an Té a bhfuil crith tagtha ar bhunbhrí an nirt i láthair thaispeánta a Uile-Chumhachta.

Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an tUileChumhachtach, an tUile-Cheansaitheach, an Neamh-Ghéilliúil.

#13797
- Bahá'u'lláh

 

Conas is féidir liom codladh a lorg, a Dhia liom, le linn do shúile an dreama atá ag tnúthán leat a bheith ina ndúiseacht de thairbhe iad a bheith ar deoraíocht uait; nó conas a fhéadaim luí le scíth a chur díom fhad is atá anamacha do leannán buartha, cráite agus iad i bhfad i gcéin ó do láthair?

Bhí sé de mhuinín agam, a Thiarna, mo spiorad agus mo bheatha go léir a chur faoi réir dheaslámh do nirt agus do choimirce agus leagaim mo cheann ar mo philiúr trí do chumhacht agus tógaim arís é de réir do thola agus do cheada. Is tú, go fírinneach, an Caomhnóir, an Coimeádaí, an tUile-Neartmhar, an tUile-Chumhachtach.

Dar do neart, ní iarraim, i mo chodladh ná i mo dhúiseacht dom, ach an ní is mian leatsa. Is mise do sheirbhíseach agus is ar do lámh atáim. Cuidighse liom go ceansa cibé ní a chur i gcrích a scaipfidh boladh cumhra do dhea-thola. Is é seo an t-ábhar dóchais atá agam féin agus acu siúd a dhéanann dlúthchumann leat. Moladh leatsa, a Thiarna an uile dhomhain.

#13798
- Bahá'u'lláh

 

A dhuine a théann sa tóir ar an Fhírinne! Más é is mian leat go n-osclódh Dia do shúil, ní mór duit achainí a dhéanamh ar Dhia, urnaí a chur os ard chuige agus cumann a dhéanamh leis ar uair an mheán oíche agus é seo á rá agat:

A Thiarna, tá mé tar éis m’aghaidh a thabhairt ar ríocht d’aontachta agus mé báite i bhfarraige do thrócaire. A Thiarna, déan mo radharc a shoilsiú trí ligint dó breathnú ar do chuidse soilse le linn na hoíche dorcha seo agus go gcuire fíon do ghrá aoibhneas orainn sa ré éachtach seo. A Thiarna, lig dom aird a thabhairt ar do ghairm agus oscail os comhair mo shúl-sa doirse do neimhe chun go bhfeicfidh mé solas do ghlóire agus go dtarraingeofar i leith d’áilleachta mé.

Go deimhin, is tusa an Tabharthóir, an Fial, an Trócaireach, an So-Mhaiteach.

#13799
- `Abdu'l-Bahá

 

COSAINT

A Dhia liom! bí i do sciath chosanta ag do sheirbhísigh iontaofa ar uilc an leithleasa agus na hainmhéine, cosain le súil aireach do chineáltais ghrách iad ar an uile mhioscais, fuath agus éad, cuir ar foscadh laistigh de dhaingean doionsaithe do chúraim iad agus, le linn dóibh a bheith slán ar ghathanna shleánna an amhrais ceadaigh dóibh a bheith ina lucht taispeánta ar do chomharthaí glórmhara, soilsigh a ngnúiseanna le gathanna do niamhrachta a chaitheann grian mhaidine na haontachta diaga uaithi, cuir aoibhneas ar a gcroíthe leis na véarsaí atá taispeánta ó do ríocht bheannaithe, neartaigh a n-anamacha istigh trí do chumhacht choscrach ar de fhlaitheas na glóire í. Is tusa an tUileBhronntach, an Cosantóir, an tUile-Chumhachtach, an Ceansa.

#13818
- `Abdu'l-Bahá

 

Is feasach duit, a Thiarna, mar atá na daoine timpeallaithe le pianta agus tubaistí, agus iad sparrtha isteach le dua agus trioblóidí. Bíonn gach crá ag teacht orthu agus gach anás léanmhar ag tabhairt fúthu mar a bheadh ionsaí ó nathair ann. Níl de thearmann acu ach do ar scáthsa mar a ndéanfar iad a chosaint, a chumhdach, agus a choinneáil faoi do chúram agus d’aire. A Thiarna na glóire, bíodh do chosaint ina culaith armtha agam agus do chaomhnú ina sciath; bíodh m’umhlaíocht os comhair dhoras d’aontachta ina cumhdach agam, agus d’imdhíon agus do chosaint ina ndúnáras agus ina n-aitreabh agam. Déan mé a chaomhnú ar iarraidh agus ainmhian mo nádúir féin agus cosain mé ar gach tinneas, gach crá, gach deacracht agus gach cruachás. Is tú, go deimhin, an Cosantóir, an Gairdian, an Caomhnóir, an Cothaitheoir agus, go deimhin, ar lucht na trócaire is tú is trócairí.

#13819
- `Abdu'l-Bahá

 

CRUINNITHE DAOINE

A Dhia liom! go deimhin, tá na seirbhísigh seo ag tiontú chugat, agus iad ag déanamh achainí ar ríocht do thrócaire. Go deimhin, tá siad á dtarraingt ag do naofacht, agus ar lasadh le tine do ghrá. Tá siad ag iarraidh go neartófar iad i do ríocht éachtach, agus iad ag súil le hardú i do fhlaitheas ar neamh. Go deimhin, tá siad ag tnúth le go dtuirlingeoidh bronnadh uait ar mhéad a bhfuil d’fhonn orthu soilsiú a fháil ó ghrian na beatha. A Dhia, déan díobh lampaí lonracha, comharthaí trócaire, crainn thorthúla agus réaltaí niamhracha. Seasaidís chun tosaigh i do sheirbhís agus ceanglaídís leat trí naisc agus trí bhannaí do ghrá, agus iad ag tnúth le soilse d’fhabhair. A Dhia! déan díobh comharthaí treoraithe, meirgí de chuid do ríochta síoraí, tonnta ar fharraige do thrócaire agus scátháin ar sholas do mhaorgachta.

Go deimhin, is tusa an Flaithiúil. Go deimhin, is tusa an Trócaireach. Go deimhin is tusa an Mórluachach, Ansacht ár gcroíthe.

#13814
- `Abdu'l-Bahá

 

CÚNAMH AGUS CABHAIR

A Dhia a bhfuil d’aghaidh mar chuspóir m’adhartha, a bhfuil d’áilleacht ina tearmann agam, a bhfuil d’aitreabh mar sprioc agam, a bhfuil do mholadh mar údar mo dhóchais, a bhfuil d’oirchill mar chompánach agam, a bhfuil do ghrá ina ábhar beatha agam, a bhfuil mo thrácht ort ina sholas dom, a bhfuil cóngaracht duit mar mhian agam, a bhfuil do láthair mar an rud is ansa agus is mó dóchas liom, achainím ort gan na nithe úd a cheilt orainn atá i ndán agat don dream tofa i measc do chuid seirbhíseach. Cuir ar fáil dom, dá réir sin, maith an tsaoil seo agus an tsaoil atá le teacht.

Is tu, go deimhin, Rí an uile dhuine. Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an Síor-Mhaiteach, an SárFhlaithiúil.

#13768
- Bahá'u'lláh

 

A Dhia m’adhartha, mo Rí agus mo Mhian! cad é an saghas teanga a chuirfidh ar mo chumas mo bhuíochas duit a chur os ard. Bhí mé ar nós cuma liom agus dhúisigh tú mé. Chuir mé cúl leat agus rinne tú de chineáltas orm mé a chasadh i do threo. Bhí mé mar a bheadh marbhán ann agus rinne tú beo, beathach mé le huisce na beatha. Bhí mé críon agus rinne tú mé a athbheo le sruth neamhaí d’urlabhra atá i ndiaidh sileadh ó Pheann an Uile-Thrócairigh.

A Thiarna na hOirchille Diaga, ba de thairbhe d’fhéile diaga a gineadh an chruthaitheacht go léir. Ná ceil uirthi uiscí do fhlaithiúlachta agus ná coinnigh uaithi aigéan do thrócaire. Agraím ort agus tabhair cúnamh agus cuidiú dom in gach uair agus ins an uile chor agus iarraim ar neamh do ghrásta d’fhabhar ársa. Is tú, go deimhin Tiarna na Féile agus Flaith na ríochta síoraí.

#13769
- Bahá'u'lláh

 

A Dhia, a Thiarna agus a Mháistir! dhealaigh mé le mo bhunadh agus d’iarr mé le do chabhairse a bheith neamhspleách ar gach éinne dá maireann ar domhan agus a bheith ullamh i dtólamh le glacadh lena bhfuil inmholta i do láthair. Bronn orm an mhaith úd a dhéanfaidh neamhspleách mé ar éinní seachas tú féin agus deonaigh go bhfaighidh mé sciar níos flúirsí de d’fhabhar gan teorainn. Go deimhin is tusa Tiarna an ghrásta rófhairsing.

#13770
- The Báb

 

A Thiarna! is díol trua sinn deonaigh d’fhabhar dúinn; is bochtáin sinn roinn orainn ó aigéan do shaibhris; is dream dearóil sinn déan sinn a shásamh, dream uiríseal tabhair dúinn do ghlóir. Is uaitse a fhaigheann éanlaith an aeir agus beithígh an mhachaire a mbia gach lá agus tugtar don uile chréatúir beo a sciar féin de d’aire agus de do chineáltas grách.

Ná ceil ar an neach anbhann seo do ghrásta éachtach agus de gheall ar do neart bronn cuid de d’fhéile ar an duine éidreorach seo.

Tabhair dúinn ár n-arán laethúil agus deonaigh biseach ar riachtanais an tsaoil dúinn sa chruth go mbeimid neamhspleách ar an uile dhuine ach tú, gur leatsa amháin a dhéanfaimid cumann, go siúlfaimid i do chosánsa agus go gcuirfimid os ard do chuid rúndiamhra. Is tusa an tUileChumhachtach, an Grách, agus Soláthraí an chine dhaonna go léir.

#13771
- `Abdu'l-Bahá

 

Ná baintear dínn, a Thiarna, bord na féile atá leata i d’ainm, ná ná múchtar an bhladhm lasrach atá adhainte ag do thine dho-mhúchta. Ná cuirtear bac ar shruth an uisce bheo úd de do chuidse a bhfuil séis do ghlóire agus do chuimhne ina manrán aige, ná ná coinnítear ó do sheirbhísigh dea-bholadh do chumhráin á shéideadh le leoithní cumhra do ghrá.

A Thiarna! go ndéantar só de chúraimí cráite do chumainn naofa, compord dá ndua, glóir dá n-uirísleacht, aoibhneas séanmhar dá gcumha, a Dhia a bhfuil greim agat ar shrianta an chine dhaonna uile.

Is tú, go deimhin, an Neach Aonair, an tAonarán, an Cumhachtach, an tUile-Fheasach, an tUile-Chríonna.

#13772
- `Abdu'l-Bahá

 

LEIGHEAS

A Dhia liom! achainím ort dar aigéan do leighis agus dar niamhracht ghrian mhaidine do ghrásta agus dar d’ainmse trínar cheansaigh tú do chuid seirbhíseach agus trí chumhacht fhorleatach do bhriathair ró-aird agus dar cumas do phinn rómhórgaigh agus dar do thrócaire arbh ann di roimh chruthú don uile dhuine atá ar neamh agus ar talamh, go ndéanfaidh tú íonghlan mé ar gach aicíd agus easláinte agus ar gach lagar agus meirtne.

Feiceann tú, a Thiarna, an t-impíoch seo ag feitheamh ag doras do fhlaithiúlachta, agus an duine seo, ar tú a ábhar dóchais go léir, ag greamú do théad d’fhéile. Agraím tú agus ná diúltaigh dó faoi na nithe úd atá á lorg aige ar aigéan do ghrásta agus ar ghrian mhaidine do chineáltais ghrách.

Is agatsa atá an cumas cibé ní is toil leat a chur i gcrích. Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an SíorMhaiteach, an Ró-Fhial.

#13809
- Bahá'u'lláh

 

Is é d’ainm mo leigheas, a Dhia, agus is í mo chuimhne ort m’fhóirithint. Is í mo ghaire duit mo dhóchas agus is é mo ghrá duit mo chompánach. Is í do thrócaire orm mo leigheas agus ábhar mo théarnaimh sa saol seo agus sa saol atá le teacht. Is tú, go deimhin, an tUileFhlaithiuil, an tUile-Fheasach, an tUile-Chríonna

#13810
- Bahá'u'lláh

 

MAIDIN

Táim tar éis dúiseacht faoi do choimirce, a Dhia, agus is cuí don té a lorgaíonn an choimirce sin cónaí a dhéanamh laistigh de Thearmann do chosanta agus de dhaingean do dhídine. Déan mo bheatha a shoilsiú laistigh, a Thiarna, le niamhracht ghrian mhaidine do Thaispeánta faoi mar a shoilsigh tú mo bheatha lasmuigh le solas maidine d’fhabhair.

#13815
- Bahá'u'lláh

 

D’éirigh mé inniu ar maidin trí do ghrásta, a Dhia, agus d’fhág an baile, mo mhuinín curtha ionatsa go hiomlán agus mé do mo chur féin faoi do chúram. Cuir anuas ormsa, mar sin, ó neamh do thrócaire beannacht ó do thaobh agus cuir ar mo chumas filleadh abhaile go sábháilte faoi mar a chuir tú ar mo chumas triall chun bealaigh faoi do choimirce agus m’intinn dírithe go diongbháilte ortsa.

Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an tAon Dia amháin, an tÉagsamhalta, an tUile-Fheasach, an tUile-Chríonna.

#13816
- Bahá'u'lláh

 

MAITHIÚNAS

Is mise an duine úd, a Thiarna, a bhfuil a aghaidh tugtha aige ort, a bhfuil a dhóchas suite in iontais do ghrásta agus sna nithe úd a bhí mar thaispeánadh ar d’fhéile dúinn. Agraím thú agus ná ceadaigh go gcuirfear chun bealaigh faoi dhíomá ó dhoras do thrócaire mé, ná go bhfágfar tréigthe mé i gcuideachta lucht na gcreatúr úd de do chuid a thug cúl a gcinn le do Chúis.

Is mé, a Dhia, do sheirbhíseach agus mac do sheirbhísigh. Tá mé i ndiaidh d’fhírinne a aithint le linn do ré, mo choiscéim a dhíriu i dtreo chladaigh d’aontachtasa, agus mé ag admháil d’aonarachta, ag dearbhú d’aonraicis agus ag súil le do mhaithiúnas agus le do phardún. Is tú atá cumasach ar cibé ní is toil leat a dhéanamh; níl Dia ar bith eile ann ach tú, an tUile-Ghlórmhar, an Síor-Mhaiteach.

#13804
- Bahá'u'lláh

 

Dearcann tú ormsa, a Thiarna, a bhfuil m’aghaidh tugtha agam ar neamh d’fhéile agus ar aigéan d’fhabhair, agus droim láimhe agam don uile ní ach tú. Sirim ort dar niamhracht ghrian do thaispeánta ar Chnoc Shíoná agus dar dealramh soilse réalt do ghrásta a shoilsíonn ó bhun spéire d’ainm, an Síor-Mhaiteach, do phardún a dheonú dom agus trócaire a dhéanamh orm. Cuir i scribhínn dom, mar sin, le peann do ghlóire an ní úd a dhéanfaidh mé a ardú i saol seo na cruthaitheachta. Cuidigh liom, a Thiarna, casadh i do leithse agus cluas a thabhairt do ghlór lucht d’ansachta nár éirigh leo siúd ag a bhfuil cumhacht ar domhan iad a chur in ísle brí ná nach raibh de neart ag lucht ceannais na gciníocha iad a choinneáil siar uait, lucht d’ansachta a d’fhógair, le linn dóibh a bheith ag dul ar aghaidh ionsortsa: ‘Is é Dia is Tiarna dúinn, Tiarna na n-uile dá bhfuil ar neamh agus na n-uile dá bhfuil ar talamh.

#13805
- Bahá'u'lláh

 

Iarraim mar achainí ort, a Thiarna, gach trácht a dhéanaim nach ortsa é a mhaitheamh dom, mar an gcéanna le gach uair dá molaim éinneach nach tusa, gach ní dá dtugaim taitneamh ach an taitneamh a bheith i bhfogas duitse, gach ní dá bhfaighim pléisiúr ach pléisiúr mo chumainn leatsa, gach lúcháir ach lúcháir do ghrá agus do dhea-thola agus gach uile ní a bhaineann liomsa amháin agus gan gaol aige leatsa, a Dhia ar tú Tiarna na dTiarnaí, an té a chuireann ar fáil dúinn an bealach agus a bhaineann glas de na doirse.

#13806
- The Báb

 

A Thiarna Sho-Mhaiteach! is tú atá mar áit tearmainn ag na seirbhísigh uile seo leat. Tá eolas agat ar gach a bhfuil faoi rún agus gan éinní ann nach feasach duit. Is neamhchumasach sinne go léir ach is tusa an Neartmhar, an tUileChumhachtach. Is peacaigh sinn uile agus is tusa a mhaitheann na peacaí, an So-Mhaiteach, an Trua-Chroíoch. A Thiarna! ná dearc ar ár gcuid lochtanna. Bí ag plé linn de réir do ghrásta agus d’fhéile. Is iomaí sin locht atá orainn ach tá aigéan do mhaithiúnais gan teorainn. Is léanmhar í ár laige ach tá fianaise do chabhrach agus do chúnaimh an-soiléir. Mar sin de, déan sinn a neartú agus a dhaingniú. Cuir ar ár gcumas an ní úd a chur i gcrích arb iomchuí é le go mbainfidh sé do thairseach bheannaithe amach. Déan ár gcroíthe a shoilsiú, deonaigh dúinn súile na tuisceana agus cluasa aireacha. Déan na mairbh a athbheo agus lucht easláinte a leigheas. Bronn saibhreas ar na bochtáin agus tabhair síocháin agus slándáil dóibh siúd atá faoi scáth. Glac linn i do ríocht agus déan dealrach sinn le solas do threorach. Is tusa an Cumhachtach agus an tUileChumasach. Is tusa an Ceansa, is tusa an Cineálta.

#13807
- `Abdu'l-Bahá

 

MOLADH AGUS BUÍOCHAS

Gach moladh leat, a Dhia! is tú foinse na huile ghlóire agus maorgachta, na huile mhórgachta is onóra, an uile fhlaithis is ceannais, na huile airde agus grásta, an uile uamhain is na huile chumhachta. Cibé duine is toil leat tugann tú air teacht i ngaireacht don Aigéan Ró-mhór, agus ar cibé duine is mian leat bronnann tú d’onóir d’ainm ársa a aithint. Orthu siúd atá ar neamh agus ar talamh ní féidir le héinne cur in aghaidh feidhmiú do thola ceannasaí. Ó thosach na síoraíochta tá tú ag rialú thar an gcruthaitheacht uile agus leanfaidh tú ort ag cur i gcrích do cheannais ar an uile ní sa chruthaitheacht. Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an tUile-Chumhachtach, an Té Ró-Ardaithe, an tUile-Neartmhar, an tUileChríonna.

Soilsigh, a Thiarna, aghaidheanna do sheirbhíseach, le go bhféachfaidh siad ort; agus glan a gcroíthe le go dtiontóidh siad i dtreo chúirt d’fhabhair neamhaí agus go n-aithneoidh siad an Té atá ina thaispeánadh ar do bheatha féin. Go deimhin, is tú Tiarna an uile shaoil. Níl Dia ar bith eile ann ach tú an Do-Choiscthe, an tUileCheansaitheach.

#13817
- Bahá'u'lláh

 

NA MAIRBH

A Dhia! is tú a mhaitheann na peacaí, a bhronnann tíolaicí orainn agus a dhíbríonn uainn an léan!

Go deimhin, achainím ort a gcuid peacaí a mhaitheamh dóibh siúd a bhfuil éide an tsaoil seo tréigthe acu agus a d’ardaigh chun an tsaoil spioradálta.

A Dhia! déan íonghlan ó chionta iad, scaip a gcumha agus athraigh go solas a ndorchadas. Tabhair orthu dul isteach i ngairdín an tsonais, déan íonghlan iad leis an uisce is glaine agus deonaigh go mbreathnóidh siad do niamhracht ar an gcnoc is aired.

#13788
- `Abdu'l-Bahá

 

A Dhia! A Dhia! go deimhin, seo duit do sheirbhíseach, umhal os comhair mhaorgacht d’ardcheannais dhiaga, go híseal ag doras d’aontachta, a chreid ionat agus i do chuid véarsaí, a thug fianaise do do bhriathar, ar fhadaigh tine do ghrá é, ar tumadh é i ndoimhneacht aigéan do chuid eolais, ar tharraing do chuid feothan chucu é, a chuir a mhuinín ionat, a rinne a achainí ort agus ar dearbhaíodh dó do phardún agus do mhaithiúnas. Tá sé i ndiaidh an bheatha shaolta seo a thréigean agus eitilt chun na ríochta síoraí, agus é ag tnúth leis mar fhabhar go gcasfar air tú.

A Dhia! déan é a ghlórú ina riocht, tabhair coimirce dó faoi phailliún do thrócaire ardcheannasaí, agus lig dó maireachtáil i bhfad i do rósarnach uasal le go dtumfaidh sé i bhfarraige an tsolais laistigh de shaol na mistéirí.

Go deimhin, is tusa an Flaithiúil, an Cumhachtach, an So-Mhaiteach agus an Bronntóir.

#13789
- `Abdu'l-Bahá

 

A Thiarna Sho-Mhaiteach! bíodh go bhfuil an saol caite ag cuid de na daoine le haineolas agus go bhfuil siad imithe in eascairdeas agus in easurraim, ina dhiaidh sin is uile, le gan ach aon tonn amháin amach as aigéan do mhaithiúnais, an méid acu atá sparrtha isteach ag peacaí gheobhaidh siad a saoirse uilig. Cibé duine is toil leat é déanann tú cara muiníneach de agus cibé duine nach ndéanann tú rogha air meastar ina neach ciontach é. Dá mbreathnófá orainn de réir do cheartais ní bheadh ionainn ach peacaigh go léir a mbeadh sé dlite duinn go ndúnfaí amach uait sinn ach dá mba rud é go seasfá do thrócaire linn dhéanfaí íonghlan gach peacach agus cara de gach coigríochach. Bronn, mar sin, ar chách do mhaithiúnas agus do phardún agus deonaigh dóibh do thrócaire.

Is tusa, go deimhin, an So-Mhaiteach, Bronntóir an tSolais agus an tUile-Chumhachtach.

#13790
- `Abdu'l-Bahá

 

NEAMHSPLEÁCHAS

Go moltar d’ainm, a Dhia! achainím ort dar boladh cumhra éide do ghrásta a scaipeadh ar d’ordú agus de réir do mhéine ar fud na cruthaitheachta go léir, agus dar grian mhaidine do thola a thug uaithi a solas lonrach orainn trí neart do chumhachta agus do fhlaithis os cionn bun spéire do thrócaire, go ndéanfaidh tú an uile mhian gan bhrí agus gach aon samhail bhaoth a scrios de mo chroí le go gcasfaidh mé i do threo ó mo chroí amach, a Thiarna an chine dhaonna go léir.

Is mé do sheirbhíseach agus mac do sheirbhísigh, a Dhia! Táim i ndiaidh breith ar lámh do ghrásta agus tá greim agam ar théad do thrócaire. Deonaigh go bhfaighidh mé na nithe maithe ar leatsa iad agus déan mé a bheathú ón bhord atá curtha anuas agat ó néalta d’fhéile agus ó neamh d’fhabhair.

Is tusa, gan aon agó, Tiarna an uile shaoil agus Dia lucht aitribh neimhe agus talún.

Bahá’u’lláh

#13791
- Bahá'u'lláh

 

Is iomaí sin croí fuar, reoite, a Dhia, atá curtha ar dearglasadh le tine do Chúise agus is iomaí sin suanaí ar mhúscail binneas do ghutha é. Nach iomaí sin coigríochach a d’iarr foscadh ar scáth chrann d’aontachta agus nach iomadúil iad an dream tartmhar a raibh dúil a gcroí i bhfuarán d’uisce bheo acu le do linn!

Is beannaithe an té a d’iompaigh i do threo agus é faoi dheifir grian mhaidine shoilse d’aghaidhe a bhaint amach. Is beannaithe an té a chas óna chroí amach i leith láthair éirí gréine do

Thaispeánta agus láthair bhunfhoinse do thinfidh.

Is beannaithe an té a chaith i do chosán an méid a bhronn tú air trí d’fhéile agus d’fhabhair. Is beannaithe é an té agus tnúthán síoraí aige leat a chaith uaidh an uile ní ach tú féin. Is beannaithe an té a raibh sé de nós aige dlúthchumann a dhéanamh leat, duine a chuir uaidh gach ceangal le héinne ach tú.

Achainím ort, a Thiarna, dar an Té arb é d’ainm é, an Té a d’éirigh trí chumhacht do fhlaithis agus do nirt os cionn bun spéire a phríosúin le go n-ordódh sé don uile dhuine an ní is cuí leat féin agus is iomchuí do d’ardchéimíocht. Tá do neart, go fírinneach, inchurtha le gach uile ní.

Bahá’u’lláh

#13792
- Bahá'u'lláh

 

Ní fios dom, a Dhia, cad é an tine a d’adaigh tú i do thír. Ní fhéadfaidh an talamh a niamhracht a dhubhú ná an t-uisce a bladhm a mhúchadh go deo.

Níl ciníocha an domhain uile in inmhe cur i gcoinne a nirt. Is beannaithe go mór an té a dhruid ina haice is a chuala a fothram.

Is ann do dhaoine, a Dhia, ar chuir tú ar a gcumas, trí do ghrásta ar ábhar neartaithe dúinn é, teacht i ndeis di, ach daoine eile, de dheasca a bhfuil déanta ag a lámha le do linn, choinnigh tú siar uaithi iad. Cibé duine a dheifrigh chuici gur shroich sé í, thug sé suas, agus díocas air amharc ar d’áilleacht, a bheatha i do chosán, agus d’ardaigh chugat, agus é tar éis scaradh le gach uile ní ach tú féin.

Sirim ort, a Thiarna tríd an tine a bhladhmann agus a loisceann i saol na cruthaitheachta na caillí a shracadh as a chéile a choisc orm teacht os comhair ríchathaoir do Mhórgachta agus seasamh ag doras do gheata. Geall dom, a Thiarna, gach aon mhaith dar chuir tú síos i do Leabhar agus ná lig dom a bheith i bhfad ó dhídean do thrócaire.

Tá ar do chumas cibé rud is mian leat a dhéanamh. Is tú, go deimhin, an tUileChumhachtach, an Ró-Fhlaithiúil.

#13793
- Bahá'u'lláh

 

A Thiarna! is ortsa atá mo thriall mar dhídean agus ar do dhea-chomharthaí a stiúraim mo chroí. A Thiarna, cibé acu ag taisteal dom nó sa bhaile, ag obair dom nó i mbun mo ghairme, cuirim mo mhuinín go hiomlán ionatsa.

Deonaigh dom do chúnamh fóinteach le go mbeidh mé neamhspleách ar gach éinní, a Dhia nach bhfuil sárú ag aon duine ort i dtaobh na trócaire!

Bronn orm mo chuid, a Thiarna, de réir mar is toil leat agus deonaigh go mbeidh mé sásta lena bhfuil ordaithe agat dom. Is leatsa an t-údarás rialaithe go huile is go hiomlán.

#13794
- The Báb

 

A Dhia liom! is tú mo dhóchas agus m’ansacht, an sprioc is airde liom agus mo mhian. Faoin uile umhlaíocht agus ó mo chroí amach sirim tú agus déan miontúr do ghrá díom i do thír, lampa d’eolais i measc do chuid créatúr agus meirge na féile diaga i do chríocha.

Déan mé a áireamh ar an dream sin de do sheirbhísigh a rinne iad féin a scaradh leis an uile ní ach tú, a choisric iad féin ar nithe diomuana an tsaoil agus ar na hiarrataí a spreagann lucht na mianta baotha a aithris.

Go líontar mo chroí lán áthais trí spiorad an daingnithe ó do ríocht agus go ngeala mo shúile trí bhreathnú ar shluaite na cabhrach diaga ag tuirlingt orm, ceann i ndiaidh a chéile, ó ríocht na glóire uileneartmhaire.

Is tú, gan aon agó, an tUile-Chumasach , an tUile-Ghlórmhar, an tUile-Chumhachtach.

#13795
- `Abdu'l-Bahá

 

A Dhia liom! líon dom cupán an neamhspleáchais ar an uile ní agus i láthair chomhthionól do shoilse lonracha agus do thíolaicí cuir lúcháir orm le fíon mo ghrá duit. Déan mé a shaoradh ar iarrataí grá ainmheasartha agus na hainmhéine, bris díom geimhle an domhain laistíos, tarraing faoi aoibhneas mé aníos go dtí Ríocht na bhFlaitheas agus déan mé a athnuachan i measc do chuid bansearbhóntaí le séideáin anáil do naofachta.

A Thiarna! déan m’aghaidh a ghealadh le soilse do chuid tíolaicí, soilsigh mo shúile trí amharc ar chomharthaí do nirt uilechloítigh; cuir gliondar ar mo chroí le glóir d’eolais a thimpeallaíonn an uile ní, cuir áthas ar m’anam le do scéala mórlúchára a thugann beocht don uile anam, a Rí an tsaoil seo agus Ríocht na bhFlaitheas, a Thiarna ceannais agus nirt, le go scaipfidh mé go leitheadach do chuid comharthaí agus samhlacha, do Chúis a chur os ard, do chuid Teagaisc a chur chun cinn, do Reacht a fhreastal agus do Bhriathar a ardú.

Is tú, go deimhin, an Neartmhar, an Síor-Thabhartasach, an Cumasach, an tUile-Chumhachtach.

#13796
- `Abdu'l-Bahá

 

Paidir Leighis

Is é an Cneasaí, an Fóinteach, an Cúntóir, an tUileMhaiteach, an tUile-Thrócaireach.

Gairim tú, a Neach Ardaithe, a Neach Dhílis, a Neach Ghlórmhar. Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Fhlaith, a Oiliúnóir, a Bhreitheamh! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach Éagsamhalta, a Neach Shíoraí, a Neach Aonarach! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach Ró-Mholta, a Neach Naofa, a Neach Chuiditheach! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Dhia Uile-Fheasach, Uile-Chríonna, a Neach Ró-Mhór! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach Cheansa, a Neach Mhaorga, a Dhia na nAitheanta! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach Mhuirneach, a Ansacht, a Ghrá

Ghil! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach Ró-Thréan, a Chothaitheoir, a Neach Neartmhar! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Rialóir, a Neach Fhéin-Chothaitheach, a Dhia Uile-Fheasach! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Spioraid, a Sholais, a Neach RóShoiléir! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Chuspóir Cuartaíochta cách, a Neach atá ar eolas ag cách, a Neach atá ceilte ar chách! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach Fholaithe, a Neach Bhuach, a

Neach Bhronntach! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Dhia Uile-Chumhachtach, a Neach Fhóiritheach, a Fholaitheoir! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Dhealbhadóir, a Shásaitheoir, a

Dhífhréamhaitheoir! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach Éiritheach, a Neach Chruinnitheach, a Neach ardaithe céime! Is tú an

Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Fhoirfitheoir, a Neach gan Cheangal,

A Neach Fhial! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Bhronntóir, a Fholaitheoir, a Chruthaitheor! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach is Aoibhne, a Neach Sciamhach, a Neach Bhronntach! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach Cheartbhreathach, a Neach Cheansa, a Neach Fhial! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach Uile-Choscrach, ShíorMharthanach, a Neach Ró-Fheasach! Is tú an

Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach Niamhrach, a Shinsear na Laetha, a Neach Mhóraigeanta! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach a bhfuil Dea-Choimeád air, a

Thiarna an Ollghairdis, a Dhia ár nAnsachta! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach déanta cineáltais le cách, a Neach déanta trua le cách, a Neach Ró-Charthanach! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Chaladh le haghaidh cách, a Dhídean do chách, a Neach Uile-Chaomhnaitheach! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach déanta fóirithinte ar chách, a Neach atá agartha ag cách, a Neach atá mar athbheochan ar chách! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Cheapadóir, a Chreachadóir, a Neach Ró-Cheansa! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Anam liom, a Ansacht, a Chreideamh liom! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach coiscthe tarta uainn, a Thiarna Tharchéimhniúil, a Neach Ró-Luachmhar! Is tú an

Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Chuimhneachán Ró-Mhór, a Ainm Ró-Uasal, a Shlí Ró-Ársa! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach Ró-Mholta, Ró-Naofa, a Neach Bheannaithe! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Fhuascaltóir, a Chomhairleoir, a Tharrthálaí! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Chara, a Lia, a Neach ag a bhfuil cách faoi dhraíocht! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Ghlóir, a Áilleacht, a Neach Fhlaithiúil! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach Ró-Iontaofa, a Leannán is Fearr, a Thiarna an Lae Ghil! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Adhainteoir, a Shoilsitheoir, a Neach scaipthe an aoibhnis! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Thiarna na Féile, a Neach RóThruach, Ró-Thrócaireach! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach Dhílis, a Bhronntóir na Beatha, a Fhoinse na nUile Beo! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach a thugann ciall don uile ní, a Dhia Uile-Bhreathnaitheach, a Thiarna na hUrlabhra! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach atá Follasach ach nach bhfuil gan folach, a Neach atá Do-Fheicthe ach nach bhfuil gan iomrá, a Fhéachadóir ar a bhfúil tóir ag cách! Is tú an Fóinteach, is tú an Cneasaí, is tú an Marthanach, a Neach Mharthanach!

Gairim tú, a Neach déanta slada ar lucht grá, a Dhia déanta grásta ar lucht urchóide!

A Fhóintigh, gairim tú, a Fhóintigh!

A Chneasaí, gairim tú, a Chneasaí!

A Mharthanaigh, gairim tú, a Mharthanaigh!

Is tú an Síor-Mharthanach, a Neach Mharthanach!

Is beannaithe tú, a Dhia! achainím ort dar d’fhéile trínar fágadh ar leathanoscailt geataí d’fhéile agus do ghrásta, trínar suíodh Teampall do Naofachta ar ríchathaoir na síoraíochta; agus dar do thrócaire trínar thug tú cuireadh don uile chréatúr go dtí bord do thíolacthaí; agus trí do ghrásta ar dá bharr a thug tú mar fhreagra asat féin an briathar ‘Is ea!’ thar ceann áitreabhaigh uile neimhe agus talún san uair a bhí do fhlaitheas agus do mhaorgacht nochta go follasach, ar éirí lae nuair a bhí neart do cheannais ar taispeáint. Agus achainím ort arís, dar na hainmneacha rósciamhacha seo, agus dar na buanna ró-uaisle, róoirirceacha, agus dar do Chuimhne ró-ardaithe, agus dar d’Áilleacht íonghlan gan smál, agus dar do Sholas folaithe sa phailliún ró-fholaithe, agus dar d’Ainm a gléasadh gach maidin is nóin le fallaing an leatroim, go gcosnóidh tú sealbhóir an Táibléid bheannaithe seo, mar aon leis an té a dhéanfaidh é a aithris, an té a gcastar air é, agus an té a théann timpeall ar an teach a bhfuil sé laistigh de. Cneasaighse leis, mar sin, gach uile dhuine atá breoite, tinn mar aon le gach uile dhuine trua, ar gach aon chrá agus dobrón, ar an uile aicíd ghránna agus ar gach buairt, agus treoraighse leis cibé duine ar mian leis dul le cosáin do dhea-chomhairle, agus le slite do mhaithiúnais is do ghrásta.

Is tú, go deimhin, an Neartmhar, an tUileChothaitheach, an Lia Leighis, an Cosantóir, an Tabharthóir, an tAtruach, an tUile-Fhlaithiúil, an tUileThrócaireach.

#13841
- Bahá'u'lláh

 

PÁISTÍ AGUS DAOINE ÓGA

A Dhia, tóg an naíonán seo ar chliabh do ghrá, agus tabhair dó bainne ó bhrollach d’oirchille. Cothaigh an planda úr seo i rósarnach do ghrá agus cuidigh leis chun go bhfásfaidh sé trí cheathanna d’fhéile. Déan páiste de chuid na ríochta de agus treoraigh é go dtí do fhlaithiúnas neamhaí. Is tú atá cumhachtach agus cineálta agus is tusa an Bronntóir, an Flaithiúil, Tiarna Féile gan sárú.

#13779
- `Abdu'l-Bahá

 

A Dhia, dean na páistí seo a oiliúint. Is iad plandaí d’úlloird iad, bláthanna do mhóinéir, rósanna do ghairdín. Lig do do bháisteach titim orthu, lig do Ghrian d’Fhírinne soilsiú orthu le do Ghrá. Lig do do leoithne iad a athnuachan sa dóigh go ndéanfar iad a oiliúint, go bhfásfaidh agus go dtiocfaidh siad chun cinn agus go nochtfaidh siad i mbarr a n-áilleachta. Is tú an Tabharthóir, is tú an Trua-Chroíoch.

#13780
- `Abdu'l-Bahá

 

A Thiarna chineálta! is saothar láimhe de chuid méara do nirt iad na páistí maisiúla seo agus is iad comharthaí éachtacha d’ardréime iad. A Dhia, cosain na páistí, cuidigh leo trí do ghrásta le go gcuirfear oiliúint orthu agus go mbeidh ar a gcumas fónamh a dhéanamh do shaol an chine dhaonna. A Dhia! is péarlaí iad na páistí seo, déan iad a oiliúint laistigh de shliogán do chineáltais ghrách. Is tusa an Fial, an tUile-Ghrámhar.

#13781
- `Abdu'l-Bahá

 

A Dhia! dean scoth na bplandaí de na páistí seo.

Lig dóibh fás agus teacht chun cinn i ngairdín do Chúnaint, agus bronn orthu úire agus áilleacht trí dhoirteadh néalta ó Ríocht Abhá.

A Thiarna chineálta! is páiste beag mé, déan mé a ardú trí chead a thabhairt dom dul isteach sa Ríocht. Is neach saolta mé, déan neach neamhaí díom; is den saol laistíos mé, bíodh baint agam leis an bhflaithiúnas lastuas; is duine gruama mé, deonaigh go ndéanfar lonrach mé; is duine ábharach mé déan spioradálta mé agus ceadaigh go dtaispeánfaidh mé uaim d’fhéile gan teorainn. Is tusa an Cumhachtach, an tUile-Ghrámhar.

#13782
- `Abdu'l-Bahá

 

Is é Dia é! A Dhia liom! bronn orm croí fíorghlan, mar a bheadh péarla ann.

#13783
- `Abdu'l-Bahá

 

A Dhia, treoraigh mé, cosain mé agus déan díom lampa lonrach agus réalt soilseach. Is tusa an Mór-Éachtach, an Cumhachtach.

#13784
- `Abdu'l-Bahá

 

A Dhia, a Dhia! is páiste beag óg mé. Déan mé a chothú ar bhrollach do thrócaire, déan mé a thógáil in ucht do ghrá, déan mé a oiliúint i scoil do threorach agus tabhair chun cinn mé ar scáth d’fhéile. Saor ó dhorchadas mé, déan solas niamhrach díom; fuascail ó bhuairt mé, déan bláth de chuid an rósarnaigh díom; deonaigh go ndéanfar seirbhíseach de chuid do thairsí díom agus bronn orm meon agus nádúr na bhfíréan; deonaigh dom a bheith i m’ábhar féile don saol daonna, agus cuir mar choróin ar mo cheann mionn na beatha síoraí.

Go deimhin, is tusa an Cumhachtach, an Mór-Éachtach, an Breathnaitheoir, an tÉisteoir.

#13785
- `Abdu'l-Bahá

 

A Thiarna atá gan samhail! bí tusa i do thearmann don pháiste trua seo agus i do Mháistir cineálta, so-mhaiteach don anam earráideach, ainnis seo. A Thiarna! biodh nach bhfuil ionainn ach plandaí gan fiúntas, ina dhiaidh sin is uile is de do rósarnach sinn, bíodh gur buinneáin gan duilliúr atá ionainn is cuid de d’úllord sinn. Cothaigh an planda seo dá réir sin le rabharta ó néalta do thrócaire grámhaire agus déan an buinneán seo a athnuachan agus a athbheo le hanáil íocshláinte d’earraigh spioradálta. Tugtar air a bheith aireach, dearcánta agus uasal agus deonaigh go mbainfidh sé amach beatha shioraí agus go mairfidh laistigh de do Ríocht go brách, brách.

#13786
- `Abdu'l-Bahá

 

A Dhia! dean an t-ógánach seo lonrach agus bronn d’fhéile ar an gcréatúr bocht seo. Tabhair dó eolas, bronn air neart breise le bánú gach lae agus bí i do gharda air ar scáth do chosanta sa dóigh go saorfar ó dhearmad é, go dtabharfaidh sé é féin suas do sheirbhís do Chúise, go dtreoróidh sé an dream do-chomhairleach, go mbeidh sé ina cheannaire do lucht an mhí-áidh, go saorfaidh sé iad siúd atá i ngéibheann agus chun go mbeannófar cách le do chuimhne agus le moladh ort. Is tusa an Mór-Éachtach agus an Cumhachtach.

#13787
- `Abdu'l-Bahá

 

PÓSADH

Moladh leatsa, a Dhia! Go deimhin, tá an seirbhíseach seo agus an bansearbhónta seo i ndiaidh teacht le chéile faoi scáth do thrócaire agus iad aontaithe de bharr d’fhabhair agus do fhlaithiúlachta. A Thiarna! cuidigh leo sa saol seo leat agus i do ríocht agus deonaigh go mbeidh i ndán dóibh gach uile mhaith de bharr d’fhéile agus do ghrásta. A Thiarna! déan buanseasmhach iad ina bhfriothalamh ort agus cuidigh leo ina seirbhís duit. Deonaigh go ndéanfar díobh comharthaí ar d’ainm sa saol seo agus go gcosnófar iad trí do bhronntaí atá gan teorainn sa saol seo agus sa saol atá le teacht. A Thiarna! tá siad ag déanamh achainí ar ríocht do thrócaire agus ag agairt Thiarnas d’Aontachta. Go deimhin tá siad á bpósadh de réir d’aithne. Deonaigh go ndéanfar díobh comharthaí ar chomhréir agus ar aontú le chéile go brách agus go deo. Go deimhin, is tusa an tUile-Neartmhar, an tUile-Láithreach, an tUile- Chumhachtach.

#13812
- `Abdu'l-Bahá

 

A Thiarna liom! tá an dá réalt lonracha seo pósta trí do ghrá, comhcheangailte ina seirbhís do do thairseach bheannaithe, aontaithe, agus iad ag friotháil ar do Chúis. Deonaigh go mbeidh an lánúin phósta seo ina snátha solais ó do ghrásta líonmhar, a Thiarna Uile-Thrócaireach, agus ó ghathanna niamhracha do chuid bronntaí, a Dhia Dheirciúil, Shíor-Thabharthach, chun go bhfásfaidh amach ón chrann mór seo géaga ar a mbeidh dreach glas, bláfar de bharr na dtiolaicí úd a bhíonn ag doirteadh anuas ó néalta do ghrásta. Go deimhin is tusa an Fial. Go deimhin is tusa an tUile-Chumhachtach. Go deimhin is tusa an Trua-Chroíoch, an tUile-Thrócaireach.

#13813
- `Abdu'l-Bahá

 

TEAGASC

A Dhia, a Dhia, dearcann tú ormsa lag, uiríseal ag dul don chúram is mó, rún daingean agam do bhriathar a chur os ard i measc an uile phobail agus do theagasc a scaipeadh i measc do chuid ciníocha. Conas a éireoidh liom mura gcabhraíonn tú liom trí anáil an spioraid naoimh, mura bhfaighim cuidiú chun an bua a bhaint amach le sluaite do ríochta glórmhaire, agus mura ndoirteann orm go fras do chumhachtaí daingnithe arb acu amháin a bhfuil de chumhacht iolar a dhéanamh den mhíoltóg, aibhneacha agus farraigí a dhéanamh de dheoir an uisce agus solais agus grianta a dhéanamh d’adamh. A Thiarna! cuidigh liom trí do neart éifeachtach, caithréimeach sa dóigh go gcanfaidh mo theanga do chuid moltaí agus do bhuanna i measc na gciníocha go léir agus go mbeidh m’anam lán go cur thairis le fíon do ghrá agus d’eolais.

Is tusa an tUile-Chumhachtach agus an Té a chuireann i gcrích cibé ní is toil leis.

#13827
- `Abdu'l-Bahá

 

A Dhia, a Dhia! seo éan a bhfuil a sciathán briste agus gan aige ach eitilt mhalltriallach: cabhraigh leis sa dóigh go mbeidh de chumas aige eitilt i dtreo bhuacphointe an rathúnais agus an tslánaithe, imeacht ar lánluas fá lúcháir agus aoibhneas mór tríd an bhfiormaimint gan teorainn, a shéis a chur os ard i d’ainm ceannasach san uile réigiún, áthas a chur ar chluasa na ndaoine leis an ngairm seo agus aoibhneas a chur ar shúile na ndaoine trí bheith ag féachaint ar na comharthaí úd a thugann treoir dóibh.

A Thiarna! níl agam ach mise amháin, agus mé uaigneach, i m’aonar. Níl de thaca agam ach tú, níl de chúntóir ná de chothaitheoir agam ach tú. Déan mé a dhaingniú i do sheirbhís. Tabhair cabhair dom le díormaí do chuid aingeal, bronn orm an bua, agus do bhriathar á chur chun cinn agam, agus ceadaigh dom do chríonnacht a aithris i measc do chuid créatúr. Go deimhin is tú atá i do chúntóir acu siúd atá lag agus is tú cosantóir na leanaí óga, agus go deimhin is tusa an Cumhachtach, an Neartmhar agus an DoChoiscthe.

#13828
- `Abdu'l-Bahá

 

TEAGHLAIGH

Agraím ort, a Dhia, agus mé ag lorg do mhaithiúnais, agus achainím ort pardún a thabhairt dom de réir mar is mian leat go dtabharfadh do sheirbhísigh aghaidh ort. Impím ort go nglanfaidh tú ár bpeacaí dínn, mar is dual do do fhlaitheas agus maithiúnas a thabhairt domsa, do mo thuismitheoirí agus dóibh siúd atá, mar a mheasann tú, i ndiaidh dul isteach in áras do ghrá ar mhodh atá ag teacht le do cheannas tarchéimniúil agus a oireann do ghlóir do chumhachta neamhaí.

A Dhia! spreag tú m’anam lena achainí a chur

i do láthair agus murach tú ní ghlaofainn ort. Go dtugtar moladh agus glóir duit; molaimse tú de bhrí go bhfuil tú i ndiaidh tú féin a thaispeáint dom agus achainím ort maithiúnas a thabhairt dom sa mhéid is nár éirigh leis an dualgas atá orm tú a aithint agus gur theip orm siúl i gcosán do ghrá.

#13800
- The Báb

 

A Thiarna, a Thiarna! molaim tú agus tugaim buíochas duit as ucht ar bhronn tú mar fhabhar ar an mbanseirbhíseach umhal seo leat, do dhaoirseach atá ag ag agairt agus ag achainí ort mar gur threoraigh tú í go dtí do Ríocht fhollasach agus gur thug tú uirthi do ghlao ardaithe a chloisteáil ar an saol seo atá inár láthair agus na comharthaí úd a bhreathnú a thugann le fios teacht i réim do fhlaithis cheannasaigh thar gach uile ní.

A Thiarna, coisricim duitse an neach atá laistigh de mo bhroinn. Deonaigh, mar sin, go ndéanfar de leanbh inmholta i do Ríocht agus duine séanmhar, de bharr d’fhabhair agus d’fhéile; agus go dtiocfaidh sé chun cinn agus é ag éirí aníos faoi chúraim d’oideachais. Go deimhin is tusa an Grásúil! Go deimhin, is tusa Tiarna an Mhór-Fhabhair.

#13801
- `Abdu'l-Bahá

 

Occasional

Paidir na Marbh

Is í Paidir na Marbh an t-aon phaidir éigeantach Bhahá’í is gá a aithris i láthair cruinnithe. Tá an soiléiriú seo ar a haithris tugtha ag Bahá’u’lláh: tá sé riachtanach go ndéarfar í roimh an adhlacadh féin; is ceart go n-aithriseodh creidmheach ina aonar í, agus gach éinne dá bhfuil i láthair seasta ina dtost; níl an phaidir ag teastáil ach sa chás go bhfuil an marbhán is cionn 15 bliana d’aois, ná níl de cheangal ar an bpobal aghaidh a thabhairt ar an Qiblih agus an phaidir á rá.

— The Kitáb-i-Aqdas lgh 169-70.

A Dhia liom! Seo é do sheirbhíseach agus mac do sheirbhísigh a chreid ionatsa agus i do chomharthaí, agus a thiontaigh a aghaidh chugat agus é scartha ón uile ní ach tú. Ar lucht déanta trócaire, go deimhin, is tú is trócairí.

Bí ag plé leis, a Dhia a mhaitheann peacaí na ndaoine agus a cheileann a lochtanna, mar is fearr le neamh d’fhéile agus le haigéan do ghrásta. Ceadaigh bheith istigh aige i gcríocha do thrócaire tarchéimniúla arbh ann di roimh bhunú neimhe agus talún. Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an Síor-Mhaiteach, an Ró-Fhial.

(Deirtear anois ‘Alláh-u-Abhá’ aon uair amháin, agus ina dhiaidh sin déantar an chéad véarsa de na sé cinn a leanas a aithris naoi n-uaire déag. Ina dhiaidh sin deirtear ‘Alláh-u-Abhá’ arís, agus an dara véarsa acu sin á leanúint, agus é seo á aithris naoi n-uaire déag mar an gcéanna, agus mar sin de.)

Is é Dia, go deimhin, a adhraimid go léir. (x 19) Alláh-u-Abhá

I láthair Dé, go deimhin, a umhlaímid go léir. (x 19) Alláh-u-Abhá

Ag Dia, go deimhin, atáimid inár leanúnaigh go léir.

(x 19)

Alláh-u-Abhá

Do Dhia, go deimhin, a thugaimid go léir moladh.

(x 19)

Alláh-u-Abhá

Le Dia, go deimhin, a ghabhaimid go léir buíochas.

(x 19)

Alláh-u-Abhá

As ucht Dé, go deimhin, déanaimid foighne go léir.

(x 19)

Alláh-u-Abhá

(Sa chás gur bean atá sa mharbhán abraítear mar a leanas: Seo í do bhanseirbhíseach agus iníon do bhanseirbhísigh etc.)

#13844
- Bahá'u'lláh

 

Tablets

Na Laetha Idirfhéilteacha

Is ceart go mbeadh na Laetha Idirfhéilteacha (laetha idir an dara mí dheiridh agus mí dheiridh na bliana Bahá’í nach n-áirítear ina gcuid de mhí ar leith) ina laetha ullmhúcháin le haghaidh an trosctha, ina laetha i gcóir aíochta, déirc a thabhairt agus bronntaí a dhéanamh.

ADhia ar tú is Tine agus Solas dom! tá na laetha úd a d’ainmnigh tú mar Ayyám-i-Há [Laetha Há] i do leabhar ina dtosach, a Rí na nAinmneacha, agus tá an troscadh ag druidim linn ar fhág do pheann róardaithe de cheangal orthu siúd atá i ríocht do chruthaitheachta a chur i gcrích. Agraím tú, a Thiarna, dar na laetha seo agus dar gach éinneach den dream úd a chloígh i gcaitheamh an ama sin le téad do chuid aitheanta agus a rug greim ar chrann do chuid orduithe, agus a dheonú do gach anam go ndáilfear áit air laistigh de thearmann do chúirte agus suíochán i láthair niamhracht sholas do ghnúise.

Seo duit, a Thiarna, do chuid seirbhíseach nár choinnigh mian neamhghlan ar bith siar iad ón méid atá curtha anuas agat i do Leabhar. Tá siad i ndiaidh umhlú os comhair do Chúise, ghlac siad chucu do Leabhar le rúndaingne a fuarthas uaitse, chloígh siad lena raibh aitheanta agatsa díobh agus bhí sé mar rún acu gach a raibh curtha anuas agat féin a leanúint.

Feiceann tú, a Thiarna, mar a d’aithin siad agus mar a d’admhaigh cibé ní atá taispeánta agat i do chuid Scríbhinní. Tabhair le hól dóibh, a Thiarna, de lámha do ghrámhaireachta uisce na síoraíochta. Cuir i scríbhinn dóibh, mar sin, an cúiteamh atá ordaithe agat don té a rinne é féin a thumadh in aigéan do láithreach agus a bhlais mar rogha an fhíona bualadh leat.

Achainím ort, a Rí na ríthe a bhfuil trua agat don dream atá faoi leatrom, maitheas an tsaoil seo agus an tsaoil atá le teacht a ordú dóibh. Cuir i scríbhinn dóibh, lena chois sin, an méid nár bhain amach duine ar bith de do chuid créatúr agus déan iad a áireamh leo siúd a chuaigh timpeall ort agus a ghluaiseann thart ar do ríchathaoir in gach saol de do shaolta. Is tusa, le fírinne, an tUile-Chumhachtach, an tUileFheasach, an tUile-Eolasach.

#13840
- Bahá'u'lláh

 

Naw-Rúz

Paidir do Naw-Rúz, céad lá na bliana Bahá’í, dar dáta cónocht earraigh na bliana.

Go moltar tú, a Dhia, gur aithin tú Naw-Rúz mar fhéile orthu siúd a bhfuil an troscadh comhlíonta acu ar mhéad a ngrá ort, dream nach raibh baint acu le héinní ba ghráin leat féin. Deonaigh, a Thiarna, go mbeidh tine do ghrá, mar aon leis an teas a tháinig ann de bharr an trosctha atá ordaithe agat, ina ghríosú dóibh sin i do Chúis sa dóigh go mbeidh siad ag dul do do mholadh agus do do chuimhneamh.

Ó tá siad maisithe agat, a Thiarna, le hornáid an trosctha atá aitheanta agat, maisighse iad chomh maith leis an ornáid a léireoidh go bhfuil glactha agat leo trí do ghrás agus trí d’fhabhar flaithiúil. Ar an ábhar go mbíonn gníomhartha na ndaoine go léir faoi réir ag do dhea-rún agus ag brath ar fheidhmiú d’ordaithe. Dá mba rud é go ndearcfá ar an duine a raibh an troscadh sáraithe aige mar dhuine a rinne é a chomhlíonadh, mheasfaí a leithéid a bheith ar an dream úd atá á chur i gcrích ó thosach aimsire. Agus dá ndéanfá forógra i leith duine a raibh an troscadh comhlíonta aige goraibh sé seo tar éis é a shárú, d’áireofaí an té sin orthu siúd atá ciontach as smál an deannaigh a chur ar Fhallaing do Thaispeánta, agus mar dhuine atá fágtha i bhfad ó uisce gléghlan an Fhuaráin Bhithbheo.

Is tú an Té úd trínar cuireadh os ard an meirge dar teideal ‘Is inmholta tú i do ghníomhartha’ agus trínar scaoileadh an bhratach darb ainm ‘Tugtar umhlaíocht duit de réir d’aithne’. Déan an staid seo leat a nochtadh, a Dhia, do do shearbhóntaí le go gcuirfear in iúl dóibh go mbíonn feabhas gach uile ní ag brath ar d’aithne agus ar do bhriathar agus gur le do cheadsa agus le dearún do thola a bhaintear tairbhe as gníomh ar bith, agus le go n-aithneoidh siad go bhfuil srianta ghníomhartha na ndaoine ar do lámh chun glacadh leo agus iad a ordú. Tug é seo le fios dóibh nach bhfuil de chumas ag éinní in aon chor iad a dhúnadh amach ó d’Áilleacht sna laetha seo agus é seo á fhógairt ag Críost, ‘Is leatsa an ceannas go huile, a Ghinteoir an Spioraid (Íosa)’, agus le linn do do Chara (Muhammad) a bheith ag. glaoch os ard: ‘Go dtugtar glóir duit, a Ansacht na nAnsacht, mar go bhfuil d’Áilleacht nochta agat agus go bhfuil scríofa síos agat dóibh an méid a chuirfidh ar a gcumas teacht fhad le suíomh taispeánta d’Ainm RóMhóir trínar cuireadh na ciníocha go léir ag caoi, diomaite díobh siúd atá tar éis scaradh le gach ní eile ach tú féin, agus atá tar éis aghaidh a thabhairt ar an Té a rinne foilsiú ortsa agus arb é Taispeánadh do chui buanna é’.

Tá an Té úd arb é do Chraobhsa é, mar aon le do chompántas go léir, a Thiarna, tar éis scor dá dtroscadh inniu, i ndiaidh dóibh é a chur i gcrích laistigh de thearmann do Chúirte, lena bhfuil d’fhonn orthu do dhea-thoil a bhaint amach. Ordaigh dósan, dóibh seo mar an gcéanna, agus don dream atá tar éis teacht i do láthairse gach a raibh i ndán i do Leabhar. Riar orthu, mar sin, a rachaidh chun tairbhe dóibh sa saol seo agus sa saol úd eile.

Is tú, le fírinne, an tUile-Fheasach, an tUileChríonna.

#13832
- Bahá'u'lláh

 

Táibléad Ahmad

Táibléad Ahmad.

Is é an Rí é, an tUile-Fheasach, an Críonna. Féach tá filiméala Dé ar bheangáin Chrann na Síoraíochta ag gabháil de shéisreacha beannaithe, binne ag fógairt do na fíréin dea-scéala ghaireacht Dé, ag glaoch ar lucht creidimh san Aontacht Dhiaga chun Cúirt Láthair Dé, an Fial, ag cur chuig lucht na neamh-fhéinchúise an scéala atá taispeánta ag Dia, an Rí, an Glórmhar, an tÉagsamhalta, ag treorú na leannán go dtí suí na beannaitheachta agus go dtí an Áilleacht niamhrach.

Go deimhin, is é seo an Áilleacht Ró-Mhór, a réamhinsíodh i Leabhair na dTeachtairí trína ndéanfar an fhírinne a idirdhealú leis an earráid agus trína bhféachfar críonnacht na huile aithne. Go deimhin is é Crann na Beatha é a thugann uaidh torthaí Dé, an Ceannasach, an Cumhachtach, an Té Mór.

A Ahmad, tabhairse fianaise gurb é Dia go deimhin. é agus nach bhfuil Dia ar bith ann ach é, an Rí, an Cosantóir, an tÉagsamhalta, an tUile-Chumhachtach. Agus gurb é an Té atá curtha uaidh aige darb ainm Alí an Té fírinneach a tháinig ó Dhia a bhfuil muid uilig faoi réir ag a chuid aitheanta.

Abair: a phobail géilligí d’aitheanta Dé atá leagtha orainn sa Bhayán ag an Té atá Glórmhar, Críonna. Go deimhin, is é Rí na dTeachtairí é agus is é a Leabharsan an Bun-Leabhar, dá mba rud é gurbh eol daoibh é.

Is amhlaidh a chuireann an Filiméala a ghairm oraibh ón bpríosún seo. Níl aige ach an teachtaireacht shoiléir seo a thabhairt uaidh. Cibé duine ar mian leis é, casadh sé ar leataobh ón gcomhairle seo, agus cibé duine ar mian leis é, déanadh sé rogha ar an gcosán go dtí a Thiarna.

A phobal, má chuireann sibh suas do na véarsaí seo cén cruthanas atá agaibh gur chreid sibh i nDia? Cuirigí ar fáil é, a chomhthionól an éithigh.

Ní hea, dar an Té a bhfuil m’anam ar a lámh, níl ar chumas acu, ná ní bheidh go brách, a leithéid a dhéanamh fiú dá dtiocfaidís i gcomhar le chéile.

A Ahmad! ná déansa dearmad de m’fhéile agus mé. as láthair. Cuimhnigh ar mo shaolsa le do bheo, agus ar mo bhuaireamh agus mo dheoraíocht sa phríosún iargúlta seo! Agus bí-se chomh diongbháilte sin i mo ghrá nach mbogfar tú fiú má théann claímhte na náimhde de bhuillí ort agus má éiríonn a bhfuil ar neamh agus ar talamh i d’aghaidh!

Bí-se mar a bheadh bladhm lasrach in aghaidh mo náimhde agus mar a bheadh abhainn na beatha síoraí ag lucht m’ansachta, agus ná bí ar lucht an amhrais!

Agus má thagann leatrom ort i mo chosán nó doilíos ar mo shonsa, ná bíodh buaireamh ort dá bharr! Bíodh muinín agat as Dia, do Dhia-sa agus Dia do shinsear! Mar tá na daoine ar fán, agus iad imithe ar chosáin an tseachráin, agus gan de thuiscint acu go n-aithneodh siad Dia lena súile féin ná a shéis a chluinstin lena gcluasa féin. Is amhlaidh a fuair mé iad, rud dá dtugann tú féin fianaise.

Is sa tslí sin a rinneadh dá gcuid piseog mar a bheadh fiala ann idir iad agus a gcroíthe féin, rud a choinnigh siar iad ó chosán Dé, an Té Mór, an Ceannasach.

Bí-se cinnte dearfa de, an duine a thugann cúl leis an Áilleacht seo, go deimhin, tá sé i ndiaidh cúl a thabhairt chomh maith le Teachtairí na réanna atá caite agus tugann sé uabhar le fios i láthair Dé trí shaol na saol. Foghlaim go maith an Táibléad seo, a Ahmad. Déan. é a chanadh le linn do shaoil agus ná fan-sa siar uaidh. Mar go deimhin, tá ordaithe ag Dia don té a chanann é an duais atá tuillte ag céad mairtíreach, mar aon le fónamh a dhéanamh sa saol seo agus sa saol atá le teacht. Seo na fabhair atá bronnta againn ort mar ghrásta uainn agus mar thrócaire ónár láthair chun go mbeifeá ar an dream atá buíoch.

Dar Dia! má léann duine a bhfuil doilíos nó dobrón air an Táibléad seo óna chroí amach, scaipfidh Dia a chumha, réiteoidh a chruachás agus bainfidh a dhoilíos de.

Go deimhin, is é an Trócaireach é, an tAtruach. Moladh le Dia, Tiarna an Uile Shaoil!

#13834
- Bahá'u'lláh

 

Táibléad An Loingseora Naofa

Táibléad An Loingseora Naofa

Déan Táibléad an Loingseora Naofa a mheabhrú chun go mba léir duit an fhírinne, agus breathnaigh mar atá an Áilleacht Bheannaithe tar éis réamhinsint a dhéanamh ina n-iomláine ar na himeachtaí atá fós le teacht.

— ‘Abdu’l-Bahá

Is é an Ceansa, an Té is Ansa le Cách!

A Loingseoir Naofa! Abair le háirc do shíoraíochta nochtadh os comhair an tSlua Neamhaí, Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Cuir á seoladh í ar an muir ársa ina Ainm siúd, an tÉachtach,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Agus téadh na spioraid ainglí isteach inti, in Ainm Dé, an Té Ró-Ard.

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Scaoil as a feistiú í, mar sin, go seolfaidh sí ar aigéan na Glóire,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Le cuidiú Dé tiocfaidh a lucht áitribh ar thearmann

an chóngair sa ríocht shíoraí.

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Ar theacht dóibh go dtí an trá bheannaithe, cladach na bhfarraigí craoraga,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Abair leo dul amach le go sroichfidh siad slán an staid neamhshaolta, dho-fheicthe seo, Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Staid inar nocht an Tiarna faoi Lasair a Áilleachta laistigh den chrann suthain,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Ina ndearna samhailtí a Chúise iad féin a íonghlanadh ar fhéinchúis agus ar dhúil ainrianta, Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Ar a dtéann Glóir Mhaois timpeall i gcuideachta na sluaite síoraí,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Inar tarraingíodh Lámh Dé amach ó ucht a Mhórgachta,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

A maireann áirc na Cúise ann gan gluaiseacht cé go ndéantar an uile bhua dhiaga a fhógairt dá háitritheoirí. Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

A Loingseoir! Múin dóibh siúd atá laistigh den áirc gach ar mhúin muid duitse laistiar den fhial mhisteach. Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

B’fhéidir le Dia nach ndéanfaidh siad moill ar an mball gléigeal céanna,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Ach dul ar ardeitilt le sciatha an spioraid fhad leis an staid atá ardaithe ag an Tiarna os cionn gach trácht sna saolta laistíos.

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Ag imeacht dóibh de ruaig tríd an spás ar nós na n-éan is gile linn i ríocht an athaontaithe shíoraí, Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Agus eolas a chur ar na mistéirí atá i bhfolach i bhFarraigí an tsolais.

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Tá siad siúd tar éis dul thar theorainneacha na n-easpaí saolta le gur bhain amach staid na haontachta diaga, lárphointe na comhairle diaga.

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Bhí de mhian orthu dul in airde chun na staide atá ordaithe ag Dia a bheith os cionn a staideanna siúd. Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Leis sin chaith an dreige lasrach amach iad as a measc siúd a mhaireann i Ríocht a Láithreachta.

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Agus chuala siad Glór na Mórgachta á ardú ó chúl an phailliúin dho-fheicthe ar Mhullach na Glóire: Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

‘A aingle coimhdeachta! tugaigí ar ais iad chun a n-áitribh ar an saol laistíos,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

‘Ar an ábhar go bhfuil curtha rompu acu éirí chun na réime úd nár bhain amach riamh sciatháin an choilm neamhaí.

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

‘Leis sin cuirtear long an taibhrimh ina stad, rud nach bhfuil ciall ag lucht na tuisceana dó.’ Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Leis sin bhreathnaigh maighdean neimhe uaithi as a seomra in airde,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Agus lena braoi thug comhartha don Slua Síoraí,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Is í ag líonadh le solas a gnúise idir neamh agus thalamh,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Agus de réir mar a shoilsigh niamhracht a háilleachta ar phobal an deannaigh,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Chuaigh an uile chréatúr ar chrith in uaigh an chorpáin.

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Chuir sí os ard ansin an glao nár chuala cluas riamh ó fhíorthosach aimsire,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Agus mar seo a d’fhógair: ‘Dar mo Thiarna! an té nár chuir boladh cumhra an ghrá ó Ógánach glórmhar, ardaithe na hAraibe,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

‘Ní bheidh ar a chumas choíche dul in airde go dtí glóir na neimhe is airde.’

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Leis sin chuir sí fios ar bhanseirbhíseach dá banseirbhísigh triall uirthi,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Agus thug mar aithne di: ‘Téigh síos chun na fairsinge ó árais na síoraíochta,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

‘Agus iompaigh i dtreo an méid atá ceilte i ndoimhne a gcroíthe.

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

‘Má chuireann tú boladh cumhra ó fhallaing an

Ógánaigh atá ceilte laistigh de thaibearnacal an tsolais de bharr a bhfuil curtha i gcrích ag lucht na hurchóide, Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

‘Cuir os ard glao laistigh díot féin, le go dtuigfidh lucht áitribh seomraí Pharthais an scéal, an dream arb iad spiorad an tsaibhris shíoraí iad agus go dtabharfaidh siad aird air,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

‘Le go dtiocfaidh siad anuas dá seomraí suthaine agus go rachaidh ar chrith,

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

‘Agus go bpógfaidh siad a lámha agus a gcosa de bhrí go bhfuil siad tar éis dul ar ardeitilt chun mullaigh na dílseachta.

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

‘B’fhéidir le Dia go n-aithneoidh siad ar a bhfallaingí boladh cumhra an Leannáin.’ Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Leis sin, tháinig loinnir ar ghnúis na hainnire muirní os cionn na seomraí neamhaí, ar nós an tsolais a dhealraíonn ó aghaidh an Ógánaigh os cionn a theampaill bhásmhair.

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Tháinig sí anuas leis sin faoi mhaise a shoilseodh

idir neamh agus a maireann ann. Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Ar di a corrú féin scaip sí boladh cumhra ar gach éinní i dtíortha na naofachta agus na mórgachta. Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Ar di an t-ionad sin a shroichint d’éirigh sí chun a hairde féin go léir i gcroílár na cruthaitheachta, Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Agus d’iarr a gcumhracht a análú ar uair nach feasach a tosach ná a deireadh.

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Níor aithin sí ina measc a raibh á iarraidh aici, agus níl sa mhéid sin ach ceann dá scéalta iontais. Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Gháir sí os ard leis sin, chaoin agus bhain amach a staid féin laistigh dá háras ceannasach. Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Agus ansin d’aithris aon fhocal misteach amháin faoi rún de chogar óna teanga bhinnbhriathrach. Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

Agus chuir os ard an ghairm i measc an Chomhthionóil Neamhaí agus maighdeana neamhbhásmhara neimhe:

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

‘Dar an Tiarna! níor aithin mé ar lucht an iarratais bhréige leoithne na dílseachta!

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

‘Dar an Tiarna! tá an tÓgánach tar éis marthain go huaigneach agus tréigthe i dtír na deoraíochta i lámha mhuintir na haindiagachta.’

Go dtugtar glóir do mo Thiarna, an tUile-Ghlórmhar!

#13836
- Bahá'u'lláh

 

Táibléad Chairmil

Táibléad Chairmil

Go dtugtar an uile Ghlóir don Lá seo, an Lá ar scaipeadh boladh cumhra na trócaire ar an gcruthaitheacht go léir, Lá chomh beannaithe sin nach bhfuil de chumas ag réanna agus aoiseanna a tháinig roimhe dul i gcomórtas leis, Lá ar iompaigh gnúis Shinsear na Laetha i dtreo a shuí choisreactha. Leis sin chualathas glórtha na cruthaitheachta go léir agus lastall díobh glórtha an tSlua Neamhaí ag glaoch os ard: ‘Deifrigh leat, a Chairmil, óir, féach! tá solas ghnúis Dé,

Rialóir Ríocht na nAinmneacha agus Dealbhóir neimhe tar éis éirí os do chionn’.

Thit sí i néal lúcháire agus, ag glaoch os ard di, is é a dúirt: ‘Go ndéantar mo bheatha a íobairt ar do shonsa de bhrí go bhfuil tú tar éis dearcadh ormsa, caitheamh liom go fial agus do choiscéim a dhíriú ionsorm. Is geall é mo dhealú leat, a Fhoinse na beatha síoraí, le gan dé a bheith fanta ionam agus, as siocair mé a bheith in imigéin ó do láthair, is loiscthe, dóite é m’anam. Gach moladh leat gur chuir tú ar mo chumas cluas a thabhairt do do ghairm, gur bhronn tú d’onóir orm teacht de choiscéim chugam, agus go ndearna tú m’anam a athbheo trí bholadh cumhra slánaithe do Lae agus trí ghlór corraitheach do Phinn, an Peann úd a d’órdaigh tú a bheith ina bhlosc trumpa i measc do phobail. Agus ar don chlog an uair úd a bhualadh a raibh sé i ndán do do chreideamh dochloíte a theacht i láthair, chuir tú anáil de do spiorad i do Pheann agus féach! chuaigh an chruthaitheacht go léir ar crith ó bhonn go barr, agus í ag nochtadh don chine daonna na rúndiamhra úd a bhí ceilte i maoinchistí an Té arb é Sealbhóir an uile ní é.’

Ní túisce a shroich a glór an Ball ro-ardaithe sin ná thug sinn de fhreagra uirthi: ‘Gabh buíochas le do Thiarna, a Chairmil. Bhí tine do dhealaithe liom do d’ídiú go dian nó gur éirigh aigéan mo Láithreach mar thonn mhór os comhair d’aghaidhe, ag cur áthais ar do shúile agus ar shúile an uile chréatúir, agus ag líonadh le lúcháir gach aon ní idir infheicthe agus dhofheicthe. Déan gáirdeachas mar tá Dia sa Lá seo tar éis a ríchathaoir a shuíomh ortsa, agus láthair nochta a chuid iontas agus réalt maidine fhianaise a Thaispeánta a dhéanamh díot. Is méanar don duine a théann timpeall ort, a fhógraíonn taispeánadh do ghlóire agus a thugann cuntas ar an méid a bhronn do Thiarna Dé go frasach ort. Beir ar Chailís na Beatha Síoraí in ainm do Thiarna, an tUile-Ghlórmhar agus gabh buíochas leis de bhrí go ndearna sé, mar chomhartha ar a thrócaire ort, ábhar áthais de do chumha agus gur athraigh do léan go haoibhneas lúcháireach. Tá grá aige, go deimhin, ar an mball a bhfuil suíomh a ríchathaoireach déanta de, ar shiúil sé de choiscéim air, ar bhronn a láthair onóir air, ar thóg sé a ghairm air agus ar ar shil sé na deora.

‘Glaoigh os ard ar Shión, a Chairmil, agus déan an dea-scéala a fhógairt: tá an Té a bhí ceilte ar shúile daoine daonna tagtha. Tá a cheannas do-choscrach tugtha chun solais; tá a niamhracht uileláithreach nochta. Seachain ar eagla go ndéanfaidh tú moill nó stad. Tar amach de dheifir agus gabh timpeall ar Chathair Dé atá tagtha anuas ó neamh, an Ca’ba neamhaí ar a ndeachaigh an dream is ansa le Dia timpeall, muintir an chroí ghlain, is iad á adhradh, mar aon le compántas na n-aingeal ró-ardaithe. Uch! is mór m’fhonn dul ag fógairt do gach ball ar dhromchla an domhain dea-scéala an Taispeánta seo agus é a bhreith liom chuig a chathracha ar fad: seo é an Taispeánadh atá tar éis croí Shíoná a mhealladh chuige agus a bhfuil an Tom Lasrach ag glaoch os ard ina ainm: ‘Is le Dia, Tiarna na dTiarnaí ríochtaí talún agus neimhe.’ Go deimhin is é seo an Lá a bhfuil áthas curtha ar thír agus ar mhuir de bharr ar fógraíodh dóibh, an Lá ar caomhnaíodh dó na nithe úd atá ina rún ag Dia, trí fhlaithiúlacht atá os cionn thuiscint intinn nó croí an duine, a nochtadh. Roimh i bhfad seolfaidh Dia a áirc ort agus déanfaidh taispeánadh ar phobal úd Bhahá ar tráchtadh orthu i Leabhar na nAinmneacha.’

Beannú do Thiarna an uile dhuine a chuirtear gach aon adamh ar thalamh ag gluaiseacht ach a ainm a lua agus a thagann fonn ar Theanga na Maorgachta an méid a bhí folaithe i maoinchiste a nirt a léiriú. Is é, go deimhin, trí éifeacht a ainm, an Neartmhar, an tUileChumhachtach, an Ró-Ard, Rialóir na n-uile ar neamh agus ar talamh.

#13839
- Bahá'u'lláh

 

Táibléad Cuartaíochta ‘Abdu’l-Bahá

Táibléad Cuartaíochta ‘Abdu’l-Bahá

Déantar an Phaidir seo, ar a ndearna ‘Abdu’l-Bahá taispeánadh, a léamh ag a Scrín. Baintear feidhm aisti chomh maith le linn urnaí phearsanta.

‘Cibé duine a aithrisíonn an phaidir seo go huiríseal, díograiseach, cuirfidh sé áthas agus lúcháir ar chroí an tSeirbhísigh seo; is ionann é agus casadh leis ar a aghaidh amach’.

— ‘Abdu’l-Bahá

Is é an tUile-Ghlórmhar!

A Dhia liom, agus mé uiríseal, deorach ardaím mo lámha mar achainíoch chugat agus folaím m’aghaidh le deannach na tairsí úd leatsa atá ardaithe os cionn eolas an lucht léinn agus os cionn ranna gach éinneach a thugann moladh duit. Amharc go ceansa ar do sheirbhíseach go humhal, uiríseal ag do dhoras le féachaint súile do thrócaire agus déan é a thumadh in Aigéan do ghrásta shíoraí!

A Thiarna! is seirbhíseach bocht, uiríseal leat mé, I mo chime do d’agairt, i mo bhraighdeanach i do lámh, do do ghuí go dúthrachtach, ag cur ionat mo mhuiníne, na deora liom os comhair d’aghaidhe, ag glaoch agus ag impí ort sna focail seo a leanas:

A Thiarna, a Dhia liom, tabhair dom de do ghrásta le freastal ar lucht d’ansachta, neartaigh mé i mo bhraighdeanas duit, déan m’éadan a shoilsiú le solas adhartha laistigh de chúirt do naofachta, agus le solas na hurnaí chun ríocht do mhórgachta. Cabhraigh liom a bheith neamhleithleasach ag ursain neamhaí do gheata agus cuidigh liom dealú leis an uile ní taobh istigh de do theorainn bheannaithe! A Thiarna! tabhair dom le hól ó chailís na neamh-fhéinchúise; lena fallaing déan mo ghléasadh, agus ina haigéan déan mo thumadh! Déan díom mar a bheadh deannach ann ar chosán lucht d’ansachta agus deonaigh go ndéanfaidh mé m’anam a íobairt ar mhaithe leis an gcré féin atá uaislithe ag coiscéimeanna na bhfíréan i do chosán, a Thiarna na Glóire sna harda.

Seo duit an phaidir lena nglaonn do sheirbhíseach ort ar maidin agus istoíche. Bronn mian a chroí air, a Thiarna! Soilsigh a chroí, cuir áthas ina chliabh, déan a sholas a adhaint le go bhfreastalóidh sé ar do Chúis agus ar do sheirbhísigh.

Is tú an Bronntóir, an tAtruach, an Ró-Fhlaithiúil, an Ceansa, an Trócaireach, an Truachroíoch.

#13838
- `Abdu'l-Bahá

 

Táibléad Cuartaíochta Bhahá’u’lláh agus An Bholscaire

Táibléad Cuartaíochta Bhahá’u’lláh agus An Bholscaire

Déantar an Táibléad seo a léamh ag Scrínte Bhahá’u’lláh agus an Bholscaire. Is minic a bhaintear feidhm as freisin chun a bhféilte a chomóradh.

A Dhia atá ina Thaispeánadh ar an Maorgacht agus ina Rí ar an tSíoraíocht, agus ina Thiarna orthu siúd atá ar neamh agus ar talamh, gurab ortsa a bheidh an moladh a tháinig mar ghealadh lae ó do Phearsa mhórga féin agus an ghlóir a shoilsigh ó d’áilleacht róniamhrach féin! Tugaim fianaise gur tríotsa a nochtadh flaitheas Dé agus a thiarnas, agus maorgacht Dé agus a mhórgacht, agus a chaith Réalta Maidine na Niamhrachta Cianaosta a lonracht ar neamh d’fhorógra atá gan aisghairm, agus a shoilsigh áilleacht an DoFheicthe os cionn bun spéire na cruthaitheachta. Tugaim fianaise, lena chois sin, agus le gan ach do pheann a ghluaiseacht, gur cuireadh i bhfeidhm d’fholáireamh ‘Bí-se!’, agus gur scaoileadh rún folaithe Dé agus gur iarradh ar gach créatúr teacht ina mbeatha, agus gur cuireadh anuas an uile Thaispéanadh.

Tugaim fianaise, lena chois sin, gur trí d’áilleacht, a baineadh an fial d’áilleacht an Neach Adhartha, agus gur trí d’aghaidhse a thug aghaidh an Té ar mian gach croí é a dhealramh uaidh, agus gur trí fhocal uaitse atá breith déanta idir na créatúir ar fad sa dóigh gur tugadh ar an dream atá dílis duit ardú chun mullach na glóire, agus ar na hainchreidmhigh titim chun na haibhéise is doimhne.

An duine a chuir aithne ortsa, tugaim d’fhianaise go bhfuil aithne curtha aige siúd ar Dhia, agus an duine a bhain amach do láthairse tá láthair Dé bainte amach aige. Is mór, mar sin, an bheannacht a cuireadh air siúd a chreid ionatsa agus i do chuid iontas agus a d’umhlaigh os comhair do fhlaithis, agus ar cuireadh d’onóir air casadh leatsa agus a bhain amach sástacht do thola agus a ghluais timpeall ort agus a sheas os coinne do ríchathaoireach.

Is mairg don té a chiontaíonn i d’aghaidh, agus a dhiúltaigh duit agus a chuir suas do do chomharthaí agus a shéan d’fhochair agus a d’éirigh amach i d’aghaidh agus a thug le fios mórtas i do láthair agus a thóg conspóid faoi d’fhianaise agus a theich ó do riail agus ó do thiarnas agus a áiríodh ar na hainchreidmhigh a bhfuil a gcuid ainmneacha scríofa le méara d’ordaithe ar do Tháibléid Naofa.

Cuir á séideadh chugam, a Dhia m’ansachta, ó dheaslámh do thrócaire agus do chineáltais ghrámhair análacha naofa do chuid fabhar le go dtarraingeoidh siad ar shiúl mé uaim féin agus ón saol go dtí cúirteanna do chóngair agus do láithreach. Tá ar do chumas cibé ní is toil leat a dhéanamh. Is agat, go deimhin, a bhí ceannas riamh ar an uile ní.

Gurab ort a bheidh cuimhneamh Dé agus a mholadh, glóir Dé agus a Niamhracht, a Neach ar tú a Áilleacht! Tugaim fianaise nár fhéach súil an chine dhaonna ar éinneach a ndearnadh éagóir air mar tú. Bhí tú do do bhá le linn laetha do shaoil uilig in aigéan dóláis. In am amháin bhí tú faoi ualach slabhraí agus geimhle, agus in am eile faoi bhagairt chlaíomh do náimhde. Ach, ina ainneoin sin is uile, chuir tú d’fhiacha ar chách cloí lenar aithin Dia an tUileFheasach, an tUile-Chríonna díot.

Go raibh mo spiorad ina íobairt thar ceann ar fhulaing tú d’éagóir, agus m’anam ina éiric thar ceann ar éirigh duit d’anró. Achainím ar Dhia dar d’ainmse agus dar ainmneacha na ndaoine a bhfuil a naghaidheanna soilsithe le niamhracht sholas do ghnúise, iad siúd a ghéill dár aithníodh díobh, na fiala a tháinig idir tú agus do chuid créatúr a chur ar ceal agus maith an tsaoil seo agus an tsaoil atá le teacht a chur ar fáil dom. Is tú, go fírinneach an tUile-Chumhachtach, an Ró-Ardaithe, an tUile-Ghlórmhar, an Síor-Mhaiteach, an Ró-Thruach.

Beannaighse, a Thiarna agus a Dhia liom, an Crann Loiteoige Diaga, maille lena dhuilliúr agus a ghéaga, a chuid craobhacha, a chuid gasanna agus a bhuinneáin ar feadh an ama a sheasfaidh do theidil ródhearscnaí agus a mhairfidh do cháilíochtaí urramacha féin. Déan é a chosaint, mar sin, ar dhrochrún lucht a ionsaithe agus ar shluaite an ansmachta. Is tú, go fírinneach, an tUile-

Chumhachtach, an Ró-Neartmhar. Beannaighse freisin, a Thiarna agus a Dhia liom, do chuid seirbhíseach agus do bhansearbhóntaí a tháinig chun do láithreach. Is tú, go dearfa, an tUile-Fhial, nach bhfuil deireadh le do ghrásta. Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an Síor-Mhaiteach, an Ró-Fhlaithiúil.

#13837
- Bahá'u'lláh

 

Táibléad na Tine

Táibléad na Tine

In Ainm Dé, an Ró-Ársa, an Ró-Mhór.

Go deimhin, tá croíthe na bhfíréan á gcaitheamh le tine an dealaithe: Cá bhfuil glioscarnach sholas do Ghnúise, a Ansacht an uile shaoil?

Tréigthe faoi dhorchadas an léin atá an dream úd atá i bhfogas duit: Cá bhfuil loinnir mhaidine d’Athaontaithe, a Mhian an uile shaoil?

Tá corpáin do lucht tofa ina luí ar an ngaineamh agus iad ar crith i dtíortha i bhfad i gcéin: Cá bhfuil aigéan do láithreach, a Dhia arb ábhar lúcháire an uile shaoil tú?

Tá na lámha á dtógáil in airde go tnúthánach ionsar neamh do ghrásta agus do fhlaithiúlachta: Cá bhfuil báisteach do bhronntaí, a Fhreagraí an uile shaoil?

Tá lucht an mhíchreidimh tar éis éirí go tíoránta ar an uile thaobh: Cá bhfuil cumhacht choscrach Pheann d’aithne, a Bhuaiteoir ar an uile shaoil? Is ard atá tafann na madraí in gach áit: Cá bhfuil Leon fhoraois do nirt, a Smachtóir an uile shaoil?

Tá greim ag an bhfuacht ar an gcine daonna go léir: Cá bhfuil teas do ghrá, a Thine an uile shaoil?

Tá tubaistí an tsaoil tar éis a mbuaic a bhaint amach: Cá bhfuil na comharthaí tarrthála, a Shlánaitheoir an uile shaoil?

Tá an dorchadas tar éis titim ar mhórchuid na gciníocha: Cá bhfuil gile do niamhrachta, a Loinnir an uile shaoil?

Tá muinéil na bhfear sínte amach le tréan oilc: Cá bhfuil claímhte do dhíoltais, a Scriostóir an uile shaoil?

Tá an uirísleacht tar éis an bonn is íochtaraí a shroichint: Cá bhfuil comharthaí suaitheantais do ghlóire, a Ghlóir an uile shaoil?

Is iomaí ábhar bróin atá ag cur ar an Té arb é Taispeánadh d’Ainm, an tUile-Thrócaireach: Cá bhfuil lúcháir Ghrian Mhaidine do Thaispeánta, a Aoibhneas an uile shaoil?

Tá mórbhuaireamh tar éis teacht ar chiníocha an domhain: Cá bhfuil meirgí d’áthais, a Lúcháir an uile shaoil?

Feiceann tú Gealadh Lae do chuid comharthaí agus é faoi cheilt ag tuairimí urchóideacha: Cá bhfuil méara do nirt, a Chumhacht an uile shaoil?

Tá tart an domhain tar éis gach duine a chloí: Cá bhfuil abhainn d’fhéile, a Thrócaire an uile shaoil?

Tá an tsaint tar éis braighdeanaigh a dhéanamh den chine daonna ar fad: Cá bhfuil siad siúd atá mar a bheadh spiorad na neamh-fhéinchúise ann, a Thiarna an uile shaoil?

Feiceann tú an Té seo atá faoi Leatrom agus é go huaigneach ar deoraíocht: Cá bhfuil sluaite neamh d’Aithne, a Fhlaith an uile shaoil?

Is mé atá ar díbirt i dtír choimhtheach: Cá bhfuil comharthaí suaitheantais do dhílseachta, a Mhuinín an uile shaoil?

Tá pianpháis an bháis tar éis dul i ngreim ar na daoine ar fad: Cá bhfuil borradh aigéan do bheatha síoraí, a Bheatha an uile shaoil?

Tá cogarnach Shátáin tar éis a hanáil a chur faoi gach aon chréatúr: Cá bhfuil dreige do thine, a Sholas an uile shaoil?

Tá meisce na féinchúise tar éis mórchuid an chine dhaonna a mhilleadh: Cá bhfuil réalta maidine na híonghlaine, a Mhian an uile shaoil?

Feiceann tú an Té seo atá faoi Leatrom agus é folaithe faoin tíorántacht i measc mhuintir na Siria: Cá bhfuil loinnir sholas do Chamhaoire, a Sholas an uile shaoil?

Feiceann tú mé agus é crosta orm labhairt amach: Cad as a n-éireoidh do shéiseanna binne, a Fhiliméala an uile shaoil?

Tá an bhaois agus tuairimí gan bhun tar éis an bua a fháil ar mhórchuid na ndaoine: Cá bhfuil siad siúd atá mar a bheadh spiorad na deimhneachta ann, a Dhia, a Chinnteacht an uile shaoil?

Tá Bahá á bhá faoi fharraige cruacháis: Cá bhfuil Áirc do Shlánaithe, a Shlánaitheoir an uile shaoil?

Feiceann tú Grian Mhaidine d’urlabhra i lár dhorchadas na cruthaitheachta: Cá bhfuil grian neimhe do ghrá, a Dhia a bhronnann solas ar an uile shaol?

Tá lóchrainn na fírinne agus na híonghlaine, na dílseachta agus na honóra múchta: Cá bhfuil comharthaí díoltais do chuid feirge, a Dhia a chuireann ag gluaiseacht an uile shaol?

An léir duit éinneach a sheas mar ghaiscíoch duit, nó an bhfuil machnamh déanta aige ar ar éirigh dó i slí do ghrá? Tá mo pheann ina stad gan mhoill, a Ansacht an uile shaoil.

Tá craobhacha an Chrainn Loiteoige Dhiaga ina luí agus iad briste le neart sítheadh ghálaí na cinniúna: Cá bhfuil meirgí do tharrthála, a Ghaiscíoch an uile shaoil?

Tá d’Aghaidh folaithe ag deannach na cúlchainte: Cá bhfuil leoithní do thrua, a Thrócaire an uile shaoil?

Tá smál curtha ar fhallaing na beannaitheachta ag lucht na feille: Cá bhfuil éide do naofachta, a Mhaisitheoir an uile shaoil?

Tá muir an ghrásta gan corrú feasta de bharr a bhfuil curtha i gcrích ag na daoine: Cá bhfuil tonnta d’fhéile, a Mhian an uile shaoil?

Tá glas curtha ar an doras go dtí an Láthair Dhiaga ag tíorántacht do chuid náimhde: Cá bhfuil eochair do bhronntaí, a Dhia a bhaineann glas den uile shaol?

Tá an duilliúr reoite ag gaotha nimhe an achrainn: Cá bhfuil an doirteadh ó néalta d’fhéile, a Thabharthóir an uile shaoil?

Tá dorchadas curtha ar an gcruinne ag deannach an pheaca: Cá bhfuil leoithní do mhaithiúnais, a Mhaiteoir an uile shaoil?

Tá an tÓgánach seo go huaigneach i dtír thréigthe: Cá bhfuil fearthainn do ghrásta neamhaí, a Bhronntóir an uile shaoil?

A Pheann Ard-Cheannasach, chuala muid do ghairm róbhinn sa ríocht shíoraí. Bí-se ag éisteacht lena bhfuil á lua ag Teanga na Maorgachta, a Dhuine atá faoi leatrom ins an uile shaol!

Murach an fuacht conas a bheadh an smacht ag teas do chuid briathra, a Mhínitheoir an uile shaoil?

Murach an tubaiste, conas a shoilseodh grian do chuid foighne, a Sholas an uile shaoil?

Ná caoi mar gheall ar lucht na hurchóide. Ba chun foighne agus fulaingthe a cruthaíodh tú, a Fhoighne an uile shaoil.

Ba aoibhinn mar a gheal do ghrian ag bun spéire do Chúnaint i measc lucht cothaithe an aighnis, agus do thnúthán le Dia, a ansacht an uile shaoil.

Ba tú a chuir meirge an neamhspleáchais ar mhullaigh na sléibhte is airde, agus is amhlaidh a d’éirigh borradh in airde ar mhuir na flaithiúlachta, a Aisling an uile shaoil.

Ba trí d’aonaránacht a shoilsigh Grian an Aontaithe, agus trí do dheoraíocht a cuireadh maise ar thír na hAontachta. Déan foighne, a Eisimirceach an uile shaoil.

Den uirísle a rinne muid éide na glóire, agus den inghreim maisiú do theampaill, a Ábhar Bróid an uile shaoil.

Feiceann tú mar atá croíthe na ndaoine líonta le fuath agus is leatsa neamhiontas a dhéanamh, a Dhuine atá ina Fholaitheoir ar pheacaí an uile shaoil.

Le linn do na claímhte a bheith ag dealramh téighse chun tosaigh! Le linn do na saighde a bheith á scaoileadh, brúighse ar aghaidh, a Íobairt an uile shaoil.

An tusa atá ag caoineadh nó an gcaoinfidh mise? Ní hea, is amhlaidh a bheidh mé ag caoi laghad do chuid curaí, a Neach a thug ar an uile shaol a bheith á chaoineadh.

Go deimhin, chuala mé do Ghairm, a Ansacht UileGhlórmhar, agus tá aghaidh Bhahá ar lasadh san am seo le teas an mhórbhuartha agus le tine do bhriathair lonraigh agus tá sé tar éis éirí le neart dílseachta ar láthair na híobartha, agus é ag tabhairt aghaidhe ar do thoil, a Ordaitheoir an uile shaoil.

A ‘Alí-Akbar, gabh buíochas le do Thiarna as ucht an Táibléid seo, óna mbraitear dea-bholadh mo cheansachta, agus tuig-se cad é a bhain dínn i slí Dé, an Té is Ansa leis an uile shaol.

Má léann do chuid seirbhíseach uile a bhfuil anseo agus machnamh a dhéanamh air, is amhlaidh a fhadófar ina gcuislí a leithéid de thine a chuirfidh an uile shaol trí thine.

#13835
- Bahá'u'lláh

 

Táibléad Ridván

Táibléad Ridván.

Tá an tEarrach Diaga inár láthair, a Pheann Ró-

Ard, mar tá Féile an Uile-Thrócairigh ag druidim linn go dlúth. Corraigh tú féin agus os comhair na cruthaitheachta go léir déan ainm Dé a mhóradh, agus a mholadh a cheiliúradh, ar mhodh go n-athbheofar an uile chréatúr agus go n-athnuafar iad. Labhair agus ná fan i do thost. Tá réalt maidine an aoibhnis ag soilsiú os cionn bun spéire ár n-ainm, an tAoibhinn, sa mhéid is gur maisíodh ríocht ainm Dé le hornáid ainm do Thiarna, Cruthaitheoir Neimhe. Éirigh os comhair chiníocha an domhain, gléas ort féin mar arm cumhacht an Ainm Ró-Mhóir seo agus ná bí ar an dream atá ag déanamh moille.

Dar liom go bhfuil tú i do stad agus nach bhfuil ag gluaiseacht ar mo Tháibléad. An amhlaidh atá gile na Gnúise Diaga tar éis mearbhall a chur ort, nó ar chuir caint bhaoth an dreama chrosta cumha ort le gur craplaíodh do ghluaiseacht? Seachain, ar eagla go gcuireann éinní de bhac ort mórgacht an lae seo a adhmholadh — an lá inar bhain Méar maorgachta agus cumhachta an séala d’Fhíon an Athaontaithe, agus inar ghlaoigh ar gach duine ar neamh agus ar gach duine ar talamh. An é gur fearr leat moill a dhéanamh agus an leoithne atá ag fógairt Lá Dé tar éis a hanáil a chur fút, nó an den dream úd tú atá dúnta amach uaidh, faoi mar a bheadh fial eadraibh?

Níl fial ar bith ann ar lig mé dó, a Thiarna an Uile Ainm agus a Chruthaitheoir Neimhe, mé a dhúnadh amach ó ghlóir do Lae a aithint — an Lá atá mar lóchrann treorach ag an domhan go léir agus mar chomhartha ar Shinsear na Laetha don uile dhuine dá gcónaíonn ann. Táim i mo thost mar gheall ar na fiala atá tar éis súile do chuid créatúr a dhalladh ort, agus táim balbh de dheasca na gconstaicí a chuir de chosc ar do phobal d’fhírinne a aithint. Is eol duit gach a bhfuil ionamsa, ach ní heol domsa éinní dá bhfuil ionat. Is tusa an tUile-Eolach, an tUile-Fheasach. Dar d’ainmse a sháraíonn an uile ainm eile dá bhfuil ann! dá mbainfeadh d’aithne shárcheannasach, uile-éigeantach amach choíche mé chuirfeadh sí ar mo chumas anamacha na ndaoine uile a athbheo, trí d’Fhocal róardaithe, a chuala mé á chanadh ag Teanga do chumhachta i Ríocht do ghlóire. Thabharfadh sí de chumhacht dom taispeánadh do ghnúise niamhraí a fhógairt trínar foilsíodh i d’ainm, an Soiléiseach, an RíChosantóir, an Féin-Chothaitheach gach a raibh ceilte ar shúile na ndaoine.

An bhfuil teacht agat ar éinneach eile ach mé, a Pheann, sa Lá seo? Cad é a bhain don chruthaitheacht agus dá ndéanann nochtadh uirthi? Cad é mar gheal ar na h-ainmneacha agus a ríocht siúd? Cár imigh gach ar cruthaíodh, idir infheicthe agus dhofheicthe? Cad é mar gheall ar rúin fholaithe na cruinne agus a gcuid taispeántaí. Féach! tá an chruthaitheacht go léir tar éis síothlú. Ní fhanann dada diomaite de m’Aghaidh, an Síor-Mharthanach, an Niamhrach, an tUileGhlórmhar.

Seo é an Lá nach léir ann ach niamhracht an tSolais a dhealraíonn ó aghaidh do Thiarna, an Ceansa, an tUile-Bhronntach. Go deimhin, thug muid ar an uile anam dul in éag de thairbhe ár bhFlaithis dhochoiscthe, uile-bhuach. D’fhógair muid, leis sin, teacht ann do chruthaitheacht nua, mar chomhartha ar ár nGrásta do na daoine. Is mé, go deimhin, an tUile-Bhronntach, Sinsear na Laetha.

Seo é an Lá a nglaonn an saol dofheicthe os ard: ‘Is beannaithe go mór tú, a dhomhain, mar tá stól coise do Thiarna Dé déanta díot, agus rogha déanta ort mar shuíochán a ríchathaoireach neartmhaire’. Is í an gháir atá ag flaitheas na glóire: ‘Ba é mo mhian go ndéanfaí íobairt de mo bheatha ar do shon, mar tá an Té is ansa leis an Uile-Thrócaireach tar éis a cheannas a shuíomh ort trí chumhacht a Ainm atá tugtha ina ghealltanas don uile ní dá mbaineann leis an am atá thart nó leis an ré atá le teacht’. Seo é an Lá a bhfuair gach uile ní cumhra a chumhrachta ó bholadh m’éide, an éide a bhfuil a chumhracht scaipthe aici ar an uile chruthaitheacht. Seo é an Lá ar tháinig uisce na beatha síoraí de scabhait toinne amach ó Thoil an UileThrócairigh. Deifrígí libh, ó chroí agus anam, le go n-ólfaidh sibh bhur sáith, a Shlua na bhFlaitheas Neamhaí!

Abair: is é atá ina Thaispeánadh ar an Té Do-Áirithe, arb é is Do-Fheicthe ar an Dream Do-Fheicthe, dá mba rud é go raibh ar bhur gcumas é sin a aithint. Is é féin a nocht i bhur láthair an tSeoid mhuirneach, fholaithe ach dul dá tóraíocht. Is é féin Ansacht an uile neach beo, dár mhair riamh nó dá mairfidh choíche. B’fhéidir le Dia go ndéanfadh sibh mian bhur gcroí de agus bhur ndóchas a chur ann.

Chuala muid do ghlór impíoch, a Pheann, agus maithimid duit agus tú fanacht i do thost. Cad é atá tar éis mearbhall chomh mór sin a fhágáil ort.

Is í an mheisce atá orm ó bheith i do láthair, a Ansacht an uile shaoil, atá tar éis breith orm agus agus atá mar leannán agam.

Éirigh agus fógair don chruthaitheacht go léir mar scéala go bhfuil an Té arb é an tUile-Thrócaireach é tar éis a choiscéim a dhíriú i dtreo an Ridván sa dóigh. go ndeachaigh sé isteach ann. Mar sin de treoraigh na daoine ionsar ghairdín an aoibhnis dá ndearna Dia Ríchathaoir a Pharthais. Rinne muid díotsa de rogha ar chách ár dTrumpa Ró-Mhór, a dtabharfaidh a bhlosc le fios aiséirí an chine dhaonna ar fad.

Abair: Seo é an Parthas a bhfuil greanta ar a dhuilliúr mar fhianaise ag fíon na hurlabhra: ‘Tá an Té úd a bhí ceilte ar shúile na ndaoine tar éis teacht i láthair, agus é feistithe le flaitheas agus le cumhacht!’ Seo é an Parthas a bhfógraíonn siosarnach a chuid duilliúir: ‘A lucht áitrimh neimhe agus talún! Tá nochta leis seo an ní nár nochtadh riamh cheana. An Té úd a cheil ó thosach aimsire a Aghaidh ar an chruthaitheacht, tá sé seo anois tagtha.’ Ó chogar na leoithne atá ag séideadh idir a chuid beangán tá an glao seo ag teacht: ‘Tá an Té arb é Rí-Thiarna na nUile tar éis nochtadh. Is le Dia an Ríocht,’ agus, lena linn sin cloistear ó shrutha a chuid uiscí ann crónán á rá: ‘Is amhlaidh atá lúcháir ar shúile gach éinne, mar an Té nár fhéach éinne air, ná nár bhain éinneach a rún amach riamh, tá sé tar éis fial na glóire a ardú agus an Folach a bhaint de ghnúis na hÁilleachta’.

Laistigh den Pharthas seo agus ó mhullach na seomraí is airde ann, tá Maighdeana na bhFlaitheas tar éis glaoch os ard agus é seo á ghairm acu: ‘Déanaigí gairdeachas a lucht áitribh na ríochtaí lastuas, mar tá méara an Té arb é Sinsear na Laetha é ag baint den Chlog Ró-Mhór i gceartlár neimhe in ainm an UileGhlórmhair. Tá lámha na féile tar éis cupán na beatha síoraí a dháileadh ar chách. Druidigí i leith agus déanaigí bhur sáith a ól. Ólaigí go sultmhar, sásta, ós ann atá mian bhur gcroí istigh!’

Seo é an Lá ar nocht as Taibearnacal na glóire an Té a bhfuil Taispeánadh déanta aige ar ainmneacha Dé agus ar fhógair don uile dhuine atá ar neamh agus don uile dhuine atá ar talamh: ‘Cuirigí uaibh cupáin Parthais agus a bhfuil iontu d’uisce slánaithe, óir féach! tá pobal Bhahá tar éis dul isteach in áras beannaithe na Láithreach Diaga agus deoch d’fhíon an athaontaithe a chaitheamh as cailís áilleacht a dTiarna, an tUileShealbhach, an Té Ró-Ard’.

Déan dearmad ar shaol na cruthaitheachta, a

Pheann, agus iompaighse i dtreo aghaidh do Thiarna, Tiarna an uile ainm. Maisigh, dá bhrí sin, an saol le hornáid cuid fabhar do Thiarna, Rí na ré síoraí. Óir airímid boladh cumhra an Lae ar scaip an Té, arb é Ansacht na gciníocha uile é, ar ríochtaí an dofheicthe agus an infheicthe loinnir sholas a chuid ainmneacha ró-dhearscnaí, agus an ndearna iad a chlúdach le niamhracht cranna solais a chuid fabhar ríchineálta — na fabhair úd nach bhfuil ar chumas éinne a áireamh ach é féin arb é Cosantóir uilechumhachtach na cruthaitheachta go léir.

Ná dearc ar chréatúir Dé ach de shúil an chineáltais agus na trócaire, óir tá ár n-oirchill ghrámhar tar éis dul i bhfeidhm ar an uile chréatúr agus ár ngrásta tar éis idir thalamh agus neamh a thimpeallú. Seo é an Lá a mbeidh a bpáirt ag fíorshearbhóntaí Dé d’uisce slánaithe an athaontaithe, an Lá a mbeidh de chumas acu siúd atá i gcóngar Dé ól de shrutha éadroma abhainn na beatha síoraí, agus ag an dream a chreideann ina aontacht ól d’fhíon a Láithreach de bhrí gur thug siad aitheantas don Té arb é an Cuspóir is airde, dhéanaí ag an gcruthaitheacht go léir, trínar labhair Teanga na Maorgachta agus na Glóire sa ghairm seo: ‘Is liomsa an Ríocht. Is mise, de mo cheart féin, a Rialóir’.

Tarraing chugat croíthe na ndaoine trí ghlao an Té úd arb é amháin is ansa le cách. Abair: Seo é Glór Dé, dá mba rud é go dtabharfadh sibh cluas dó. Seo é Réalt Maidine Thaispeánadh Dé dá mba rud é go n-aithneodh sibh é. Seo é Foinse Fholáireamh Dé dá mba rud é go dtabharfadh sibh breith chothrom air. Seo é an rún idir fhollasach agus fholaithe; b’fhéidir le Dia go n-aireodh sibh é.A chiníocha an domhain! caithigí uaibh i m’ainm a sháraíonn an uile ainm eile, na nithe atá i bhur seilbh agus tumaigí sibh féin san Aigéan seo a bhfuil péarlaí na heagna agus na hurlabhra folaithe ina dhuibheagán, an t-aigéan seo atá ag tonnadh i m’Ainm, an tUileThrócaireach. Is é seo an chomhairle atá curtha oraibh ag an Té a bhfuil an Bhun-Scríbhinn ina sheilbh aige.

Tá Ansacht na nAnsacht tagtha. Ina dheaslámh tá fíon séalaithe a Ainm. Is méanar don duine a iompaíonn chuige agus a ólann a sháith agus é ag glaoch os ard: ‘Moladh leat, a Fhoilsitheoir Iontais Dé!’ Dar fíréantacht an Uile-Chumhachtaigh! gach éinní a bhí folaithe tá sé sin nochta trí chumhacht na Fírinne.

Tá fabhair Dé go léir curtha anuas mar chomhartha ar a Ghrásta. Táthar tar éis uisce na beatha síoraí ina iomláine a thairiscint do na daoine. Is í lámh ár nAnsachta atá tar éis an uile chuach de a thabhairt timpeall. Druidigí anall agus ná déanaigí moill fiú ar feadh nóiméad amháin dá ghiorracht é.

Is beannaithe an dream a d’éirigh in airde ar sciatháin na neamh-fhéinchúise agus a bhain amach an staid úd, mar atá ordaithe ag Dia, a bhfuil an chruthaitheacht uile faoina scáth, sa chruth nár éirigh le samhailtí baotha lucht léinn ná sluaite do-áirimh na talún iad a chur ar leataobh óna Chúis. Cé hé an duine úd i bhur measc a chuirfidh a chúl leis an saol agus a dhruidfidh i gcóngar Dé, Tiarna an uile Ainm? Cá bhfuil an té sin le fáil atá sásta, trí chumhacht m’Ainm a sháraíonn an chruthaitheacht go léir, na nithe úd atá i seilbh na ndaoine a chaitheamh uathu agus cloí ar theann a dhíchill leis na nithe a bhfuil Dia ar Feasach dó an dofheicthe agua an t-infheicthe tar éis a ordú go leanfar díobh? Is amhlaidh atá a Fhéile curtha anuas ar an uile dhuine, a Fhianaise curtha i gcrích agus a Chruthúnas tar éis dealramh os cionn Bun Spéire na trócaire. Is saibhir an duais atá le buachaint ag an té a chreid ann agus é ag gairm os ard: ‘Moladh leatsa, a Ansacht an uile shaoil! Móradh le d’Ainm, ar tú Mian gach croí tuisceanach!’

Déanaigí gairdeachas ollmhór, a phobal Bhahá, agus sibh ag tabhairt chun cuimhne Lá seo an aoibhnis bheannaithe, an Lá ar labhair Teanga Shinsear na Laetha agus é ag imeacht óna Theach ag triall ar an Bhall ónar chaith sé ar an gcruthaitheacht go léir niamhracht a Ainm, an tUile-Thrócaireach. Tá Dia mar fhinné againn, dá mba rud é go nochtfaimis rúin fholaithe uile an Lae sin, rachadh lucht áitrimh na talún agus neimhe i suan agus in éag, diomaite díobh siúd a bheadh caomhnaithe ag Dia, an tUile-Chumhachtach, an tUile-Fheasach, an tUile-Chríonna.

Tagann den mheisce atá curtha ag briathra Dé ar an Té atá ina Fhoilsitheoir ar a chruthúnais dhoshéanta nach féidir lena Pheann gluaiseacht a thuilleadh. Leis na briathra seo a chuireann sé clabhsúr lena Tháibléad: ‘Níl de Dhia ann ach mé, an Ró-Ardaithe, an tUile-

Chumhachtach, an Ró-Dhearscnaí, an tUile-Fheasach.’

#13833
- Bahá'u'lláh